Munster GAA Launches 2026 Club Development Grants Scheme to Help Clubs Turn Ambition into Reality

By Ed Donnelly Fri 24th Jul

Munster GAA Launches 2026 Club Development Grants Scheme to Help Clubs Turn Ambition into Reality
Munster GAA Launches 2026 Club Development Grants Scheme to Help Clubs Turn Ambition into Reality

Munster GAA is delighted to announce the launch of the 2026 Club Development Grants Scheme, with applications opening on 24th July 2026, providing clubs across the province with a significant opportunity to invest in their future and further enhance facilities at the heart of their communities.

The €1.5 million scheme funded through a partnership between Central Council
and Munster GAA and supports a wide range of club development initiatives.
Under the scheme, clubs can apply for support across a broad range of categories including land
acquisition, changing rooms, gym developments, handball facilities, pitch development,
floodlighting, hurling walls, spectator facilities, accessibility improvements and property
ownership regularisation.

The programme forms part of Munster GAA’s continued commitment to supporting clubs in
delivering high-quality facilities that encourage participation, strengthen communities and
provide lasting benefits for generations of players, members and supporters.

Munster GAA Chairperson, Tim Murphy welcomed the opening of the scheme and encouraged
clubs throughout the province to explore the opportunities available.

“Our clubs are at the heart of every community across Munster, and the Club Development
Grants Scheme is designed to help them realise their ambitions. Whether a club is planning a
major infrastructure project or enhancing existing facilities, this scheme provides practical
support to help turn those plans into reality.

Across the province, clubs continue to demonstrate incredible vision, commitment and
volunteerism. Munster GAA is proud to support that work through a grants programme that
invests directly in the future of our clubs, our communities and our games.

We would encourage every eligible club with a development project to review the guidelines and
consider making an application.”

The scheme aims to support projects that deliver long-term benefits while increasing
opportunities for participation in Gaelic Games.

Applications will be accepted through the dedicated online portal available via www.munster.gaa.ie.

All applications will be assessed through a comprehensive vetting process involving both
County Boards and Munster GAA.

The closing date for applications is 28 August 2026, with successful grant recipients expected to
be announced in October 2026.

Munster GAA acknowledges the outstanding work being carried out by volunteers and club
o􀆯icers throughout the province and is proud to continue supporting projects that strengthen
facilities, foster participation and build sustainable futures for clubs across Munster.

For full details on the 2026 Club Development Grants Scheme and to access the application portal, visit www.munster.gaa.ie.


Seolann CLG na Mumhan Deontais Forbartha do Chlubanna 2026

Ag Fíorú na físe

Seolann CLG na Mumhan Scéim Deontas Forbartha Club 2026 chun cabhrú le Clubanna an fhís atá acu a bhaint amach

Tá áthas ar CLG na Mumhan seoladh Scéim Deontas Forbartha Club 2026 a fhógairt, le hiarratais á n-oscailt an 28 Iúil 2026, ag cur deis shuntasach ar fáil do chlubanna ar fud an chúige infheistíocht a dhéanamh ina dtodhchaí agus áiseanna a fheabhsú i gcroílár a bpobal. Maoinítear an scéim trí chomhpháirtíocht idir an Chomhairle Lárnach agus CLG na Mumhan agus tacaíonn sí le raon leathan tionscnamh forbartha club.

Faoin scéim, is féidir le clubanna iarratas a dhéanamh ar thacaíocht thar raon leathan catagóirí lena n-áirítear fáil talún, seomraí feistis, forbairtí giomnáisiam, saoráidí liathróid láimhe, forbairt páirce, tuilsoilsiú, ballaí iománaíochta, saoráidí lucht féachana, feabhsuithe inrochtaineachta, maraon le h-úinéireacht maoine a thabhairt chun rialtachta.

Tá an clár mar chuid de thiomantas leanúnach CLG na Mumhan chun tacú le clubanna áiseanna ardchaighdeáin a sholáthar a spreagann rannpháirtíocht, a neartaíonn pobail agus a sholáthraíonn tairbhí marthanacha do ghlúnta imreoirí, baill agus lucht tacaíochta.
Chuir Cathaoirleach CLG na Mumhan, Tim Murphy, fáilte roimh oscailt na scéime agus mhol sé do chlubanna ar fud an chúige na deiseanna atá ar fáil a fhiosrú.

“Tá ár gclubanna i gcroílár gach pobail ar fud na Mumhan, agus tá Scéim na nDeontas Forbartha Clubanna deartha chun cabhrú leo a n-uaillmhianta a bhaint amach. Cibé an bhfuil mórthionscadal bonneagair á phleanáil ag club nó an bhfuil áiseanna atá ann cheana á bhfeabhsú, cuireann an scéim seo tacaíocht phraiticiúil ar fáil chun cabhrú leis na pleananna sin a chur i gcrích.

Ar fud an chúige, tá clubanna de shíor ag léiriú físe, tiomantais le h- obair dheonach dochreidte. Tá CLG na Mumhan bródúil as tacú leis an obair sin trí chlár deontas a infheistíonn go díreach i dtodhchaí ár gclubanna, ár bpobal agus ár gcluichí.

Mholfaimis do gach club incháilithe a bhfuil tionscadal forbartha acu athbhreithniú a dhéanamh ar na treoirlínte agus machnamh a dhéanamh ar iarratas a dhéanamh.”

Tá sé mar aidhm ag an scéim tacú le tionscadail a chuireann buntáistí fadtéarmacha ar fáil agus deiseanna rannpháirtíochta i gCluichí Gaelacha a mhéadú ag an am céanna.

Glacfar le hiarratais tríd an tairseach thiomnaithe ar líne atá ar fáil trí www.munster.gaa.ie.

Déanfar measúnú ar gach iarratas trí phróiseas grinnfhiosrúcháin cuimsitheach a mbeidh Boird Chontae agus CLG na Mumhan páirteach ann.

Is é an 28 Lúnasa 2026 an spriocdháta le haghaidh iarratas, agus táthar ag súil go bhfógrófar faighteoirí deontais rathúla i mí Dheireadh Fómhair 2026.

Aithníonn CLG na Mumhan an sárobair atá á déanamh ag oibrithe deonacha agus ag oifigigh chlub ar fud an chúige agus is cúis bhróid dúinn leanúint de thacaíocht a thabhairt do thionscadail a neartaíonn áiseanna, a chothaíonn rannpháirtíocht agus a thógann todhchaí inbhuanaithe do chlubanna ar fud na Mumhan.

Chun sonraí iomlána a fháil faoi Scéim na nDeontas Forbartha Club 2026 agus chun rochtain a fháil ar an tairseach iarratais ón 28 Iúil, tabhair cuairt ar www.munster.gaa.ie.

Ag fíórú na físe. Clubanna agus pobail á neartú ar fud na Mumhan.

By Ed Donnelly Fri 24th Jul

Related News

View All

Munster Counties