Official Aras Mumhan Website

Coiste Cultúrtha

Forms for Download
Comórtas na nGael 2015
Comórtas don chlub is fearr ag caomhnú agus ag cothú na Gaeilge

Coiste Cultúrtha – Terms of Reference: 2013 – 2016

Téarmaí Tagartha

    1. Chun gach gné de chultúr agus teanga na Gaeilge a chur chun cinn.
    2. Chun bainistiú a dhéanamh ar chúrsaí an ghrúpa oibre Scór agus a bheith mar idirghábhálaí idir an grúpa san agus an Comhairle.
    3. Tionscnaimh a chur ar bun chun athbheochan a dhéanamh ar Scór ag leibhéal an Chlub.
    4. Deimhin a dhéanamh de go bhfuil gach Oifigeach Cultúr/Gaeilge Chontae ina bhall den Choiste Cultúrtha.
    5. Eolas maidir leis an nGaeilge agus ainmneacha na gClub a scaipeadh ar gach club i gCúige Mumhan.
    6. Féachaint ar éifeacht na scoláireachtaí Gaeltachta agus iad a mheas agus moltaí a chur ar aghaidh chun feabhas a chur orthu.
    7. Gníomhaíochtaí clainne agus pobail a chur chun cinn mar chuid lárnach den chumann.

Plean Oibre Reatha

      1. Obair le Coiste Scór chun páirtíocht na gClub a fheabhsú.
      2. A chinntiú trí mhonatóíreacht a dhéanamh orthu go gceapfaidh gach Club Oifigeach Cultúr/Gaeilge.
      3. Scéim scoláireachtaí Gaeltachta a bhainistiú agus smacht a bheith againn orthu.
      4. Comh-oibriú le Coiste Forbartha an Chúige chun a chinntiú go bhfuil an scéim um fhógraíocht dhátheangach i ngoirt na gClub i bhfeidhm. D’éirigh go han-mhaith leis an scéim seo go dtí seo.
      5. Obair lámh ar láimh le Raidió na Gaeltachta. Cruinnithe rialta leis an gCeannaire Réigiúnach.
      6. Nascanna a fhorbairt idir sinn féin agus eagrais Cultúrtha/Gaeilge eile ag leibhéal áitiúil, leibhéal an Chontae agus go náisiúnta. Cruinnithe rialta le Foras na Gaeilge, Roinn na Gaeltachta, Glór na nGael, Conradh na Gaeilge, Oireachtas na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta.
      7. Obair go dlúth le Coiste na Gaeilge i bPáirc an Chrócaigh. Fuarthas é seo an- sásúil agus táthar tar éis cóip de “an tOifigeach Gaeilge sa Chlub” a sheachadadh ar gach club sa Chúige.
      8. Nascanna le Coláistí Samhraidh sa Ghaeltacht agus Roinn na Gaeltachta a choimeád beo. Cruinnithe rialta le hionadaithe ón dá dream sin. Tugann an Comhairle, tríd an Coiste Cultúrtha, tacaíocht luachmhar do na Coláistí.
      9. Lá na gClub — forbairt a dhéanamh ar an lá speisialta seo.
      10. Deimhin a dhéanamh de trí mhonatóireacht go bhfuil an Club (tríd an Oifigeach Cultúr/Gaeilge) ag cothú nascanna láidre pobail. Tá sé seo le feiscint go soiléir ar Lá na gClub agus tá áthas orainn a thuairisciú go bhfuil an díograis céanna ann fós.

Plean Oibre Molta do 2009 – 2015

Tá dúshlán mór ar an gCoiste agus go háirithe na hOifigigh Cultúr/Gaeilge Chontae an Plean Straitéiseach 2009 – 2015 a chur i gcrích.

Tá dualgaisí an Choiste agus na hOifigigh Cultúr/Gaeilge leagtha síos go beacht sa phlean – Oifigeach Cultúr/Gaeilge i ngach Chlub, gach Club páirteach i Scór, ócáidí Cultúrtha/Gaeilge agus oícheanta Gaeilge a eagrú. Níos mó inchur ag an bpobal agus tuismitheoirí a mhealladh isteach sa Chlub.

Imeachtaí Cultúrtha/Gaeilge ar an suíomh idirlín ag leibhéal an Chlub, an Chontae agus an Chúige. Gaeilge i gcúrsaí cumarsáide agus scéim scoláireachtaí Ghaeilge a fhorbairt. Tá deireadh tagtha leis an scéim Comhartha Dhá Theangach do Chlubanna faoi scáth Fhoras na Gaeilge.

Caithfear iarratas a dhéanamh don Fhoras i bpáirtíocht leis na húdaráis áitiúla chun síneadh ama a fháil don scéim seo.

Scoláireachtaí Gaeltachta

Bronntar scoláireachtaí ar dheagóirí idir bhuachaillí agus cailíní, chun freastal ar chursaí Gaeilge trí seachtaine sa Ghaeltacht ina gcuirtear béim ar scileanna peile is iománaíochta.

Bíonn na cúrsaí seo á reachtáil ag Coláistí Chorca Dhuibhne i gCiarraí, Coláiste na Rinne i bPort Láirge agus Coláiste na Mumhan i mBéal Átha an Ghaorthaidh i gCorcaigh.

Tá an scéim seo i gcomhpháirtíocht leis na Boird Chontaetha, Comhairle na Mumhan agus na Coláistí Gaeilge. Tugann an Comhairle scoláireachtaí amach do dhéagóirí chun freastal ar na cúrsaí seo.

Seolann an Cathaoirleach an Scéim go hoifigiúil ag cluiche mór — Craobh Cluiche na Mumhan — gach bliain. Tá an Coiste thar a bheith sásta leis an slí a reachtáltar na cúrsaí agus tá an-áthas orainn go bhfuil breis forbartha a dhéanamh ar na cluichí.

Bronnann Cathaoirleach Chomhairle na Mumhan an Fáinne agus Teastais ar na micléinn a fhreastlaíonn ar an gcúrsa speisialta i gColáiste Chorca Dhuibhne i mí Lúnasa.

Tugann an Cathaoirleach agus an Rúnaí cuairt ar na cúrsaí i mBéal Átha ‘n Ghaorthaidh, i gCorca Dhuibhne agus sa Rinn gach bliain.
Sa bhliain 2010 sheol Críostóir Ó Cuana, Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, cúrsa píolótach i bhforbairt scileanna na gcluichí Gaelacha i gColáiste na Rinne.

Tá sé i gceist ag an gColáiste, i dtaca le C.L.G. Phort Láirge, Cúrsa Oiliúna a chur ar siúl i bhforbairt scileanna san iomáint, sa chamógaíocht, sa pheil, i bpeil na mban, sa liathróid láimhe agus sa chorr, do scoláirí ar na cúrsaí samhraidh.

Mairfidh an Cúrsa Oiliúna seo ar feadh trí sheachtain an chúrsa shamhraidh agus is ar scoláirí an chúrsa – idir deich mbliana agus naoi mbliana déag – a bheidh sé dírithe.

Díreofar ar scileanna na gcluichí a mhúineadh agus a fheabhsú i measc na scoláirí. Is trí mheán na Gaeilge, ar ndóigh, a reachtálfar an Cúrsa Oiliúna agus, chuige seo, bainfear leas as oiliúnóirí cáilithe ón gceantar, chomh maith le foireann an choláiste féin.

Tá sé i gceist go mbeidh sé ina chuid lárnach de Chúrsaí Samhraidh sa Choláiste feasta.

Priorities:

      1. To promote and progress all facets of Irish culture and the language insofar as it affects the activities of the Council.
      2. To oversee the affairs of and to act as a liaison with the Scór Workgroup on behalf of the Council.
      3. To introduce an initiative to revitalise Scór at club level.
      4. Circulation of data relative to Irish language club names to all clubs within the province.
      5. Assess and monitor the effectiveness of Gaeltacht scholarships and make recommendations in relation to any improvements necessary.
      6. Develop an awareness campaign to advise parents of Gaeltacht Scholarship scheme.
      7. Promote Lá na gClub (open day) and encourage club participation.
      8. Work with Coaching and Games subcommittee to identify suitable material for inclusion in Camp resource pack.
      9. Develop material to introduce parents to GAA.
      10. Work with officials in Croke Park to develop training Programme for Cultural Officers.
      11. Promote the holding of Cultural nights by clubs.
      12. Work to have 50% of club websites with “as Gaeilge section” by 2011.
      13. Review the method of selection of scholarship beneficiaries and make recommendations to the Council Management and Finance Committee.
      14. To direct and supervise the work of the associated Scór Workgroup.

Fochoiste / Baill

RoleNameAddressTelE-mail

Cathaoirleach Liam Ó Laochdha Sráid de Valera, Eochaill, Co. Chorcaí 086-3258271 olaochdha.l@gmail.com
Rúnaí Diarmuid Ó Murchú Baile Mór, Ceann Trá, Trá Lí, Co. Chiarraí 087-2254786 derrymurphydingle@gmail.com
Ionadaí an Chomhairle Antóin Breathnach Port Láirge 086-8331524
Coiste Séamas Mac Ionnrachtaigh An Clár 087-0526236

Micheál Mac Conmara (An Clár) 087-6329232
Ionadaithe Contaethe
Áine Ní Aodh (An Clár) 087-2663718
Leona Twiss Uí Bhriain (Ciarraí) 087-9840125
Ciarán Mac Cana (Corcaigh) 086-7773100
Micheál Ó Riain (Luimneach) 087-2921322
Seosaimhín Ní Chathail (Tiobraid Árann) 086-8212258
Micheál Ó Drisleáin (Port Láirge) 087-7938709


An t Oifigeach Gaeilge sa Chlub

GAA Units