Cultúr
Is pribhléid mór dom, mar Chathaoirleach Comhairle na Mumhan, teachtaireacht a scríobh don suíomh cultúrtha seo. Tá sé mar aidhm ag Cumann Lúthchleas Gael tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge, damhsa Gaelach, ceol, amhránaíocht agus cultúr Gaelach i gcoitinne.
San suíomh eolais tábhachtach, suimiúil agus spéisiúil seo táim cinnte go mbainfidh sibh taithneamh agus tairbhe as a bhfuil ann. Traoslaím leis an gCoiste Cultúrtha agus le gach duine a thug cabhair agus tacaíocht dóibh an suíomh iontach seo a chur le chéile.
Molaim go h-ard an obair atá déanta agus tá toradh na hoibre sin le feiscint go soiléir. Tá Coistí Cultúrtha i ngach Contae. Faoi láthair tá sé éigeantach go mbeadh Oifigeach Cultúr/Gaeilge i ngach Club. Is buntáiste mhór é go bhfuil an suíomh seo ann anois chun cabhair a thabhairt do na hOifigigh sin.
Tá sé mar dhualgas ag ár gCoiste Cultúrtha i gCúige Mumhan an cultúr Ghaelach agus an Ghaeilge a chur ar aghaidh agus a chothú in imeachtaí Comhairle na Mumhan, go háirithe, i gcúrsaí Scór, cluichí agus Scoláireachtaí Samhraidh sa Ghaeltacht.
Bíonn Tráth na gCeist Boird as Gaeilge á reáchtáil gach bliain le linn Seachtain na Gaeilge. Tosaíonn sé ag leibhéal an Chlub agus téann sé ar aghaidh go leibhéal an Chontae agus bíonn Comórtas Ceannais na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh maidin Lá Fhéile Pádraig roimh Cluichí Ceannais na gClub.
Le blianta fada anuas tá daoine díograiseacha ins na Coistí Chontae agus ins na Clubanna ag obair go dian dícheallach chun an Cultúr Ghaelach agus an teanga Ghaelach a chothú agus a leathnú in imeachtaí Chumann Lúthchleas Gael.
Ghabhaim mo bhuíochas mór dos na daoine sin agus traoslaím leo as an dul chun cinn atá déanta acu. Cuirfimid fáilte roimh smaointe nua atá ag aon duine agaibh le haghaidh an tsuímh seo. Ba mhaith linn an suíomh seo a fhorbairt agus a leathnú, bunaithe ar na moltaí agus na smaointe a bheidh faighte againn uaibh.
Sampla eile den chabhair is féidir libhse a thabhairt dúinne chun an suíomh seo a fhorbairt is ea alt a chur isteach chugainn nó grianghrafanna nó tuairiscí faoi imeachtaí, nó ábhar ar bith. Ba mhaith liom arís mo bhuíochas a chur in iúl don Choiste Chultúrtha as an obair atá ar siúl acu agus gach rath a ghuí ar an obair sin.
Rath oraibh,
Roibeard an t-Seaca (Robert Frost)
Cathaoirleach, Comhairle na Mumhan