Official Aras Mumhan Website

Téarmaí do Chruinnithe / Terms for Meetings

Téarmaíocht le haghaidh cruinnithe

  • Tús a chur le cruinniú ….Beginning a meeting
  • Fáilte romhaibh / Dia dhaoibh, a dhaoine uaisle. Ós rud é go bhfuilimid go léir i láthair, féadfaimid tús a chur leis an gcruinniú. ….Welcome, ladies and gentlemen. As we are all here, we can begin the meeting.
  • Fáiltiú agus cur in aithne ….Welcoming and introducing
  • Tá áthas orm/orainn fáilte a chur roimh …. chuig cruinniú an lae inniu. Ba mhaith liom/linn …. a chur in aithne daoibh. ….It is a pleasure to welcome (name) to the meeting today. I would like to introduce (name) to you.
  • Cuspóirí a chur in iúl ….Stating objectives
  • Táimid anseo inniu/anocht chun …. ….We are here today/tonight to….
  • Ba mhaith liom a chinntiú …. ….I would like to ensure that ….
  • Is é an príomhrud atá le déanamh ná …. ….Our main aim is to ….
  • Thionóil mé an cruinniú seo chun …. ….I have called this meeting in order to ….
  • Leithscéal ó dhaoine nach mbeidh i láthair….Apologies for absence
  • Is oth liom nach mbeidh …. i láthair ag an gcruinniú. ….Unfortunately, …. will not be attending the meeting.
  • Is oth liom nach féidir le …. a bheith anseo. ….I’m afraid …. cannot be here.
  • Miontuairiscí a léamh ….Reading the minutes
  • Ba mhaith liom dul siar ar mhiontuairiscí an chruinnithe deiridh. ….I would like to go over the minutes of the last meeting.
  • Seo iad na miontuairiscí ón gcruinniú deiridh a bhí againn. ….Here are the minutes of the last meeting we had.
  • Forbairtí reatha ….Current developments
  • Cén dul chun cinn atá déanta maidir leis an bplean? ….What progress has been made in relation to the plan?
  • An bhfuil an tuarascáil sin curtha i gcrích? ….Has that report been completed?
  • Dul ar aghaidh leis an gcruinniú….Moving on with the meeting
  • Féadfaimid dul ar aghaidh le clár an lae inniu. ….We can continue on with today’s agenda.
  • Mura bhfuil aon ghnó eile ann, ba mhaith liom dul ar aghaidh go dtí an clár. ….If there is no other business I would like to press on with the agenda.
  • An bhfuil cóip den chlár ag gach duine? ….Does everyone have a copy of the agenda?
  • Ba mhaith liom plé leis an ábhar san ord ina bhfuil sé ar an gclár. ….I would like to deal with matters as they are listed on the agenda.
  • Mura miste libh, fágfaimid mír 2 agus rachaimid ar aghaidh go dtí mír 3. ….If you don’t mind, we’ll skip item 2 and go ahead with item 3.
  • A Sheáin, an bhféadfása na miontuairiscí a ghlacadh, le do thoil? ….Seán, could you take the minutes, please?
  • Cuirfidh …. an tuarascáil i láthair. ….will present the report.
  • Beidh cúig nóiméad againn chun gach mír faoi seach a phlé. ….We will have 5 minutes for discussion of each item.
  • Tá go maith, tosóimid le mír 1. ….Alright, we’ll get started with item 1.
  • Sílim go bhfuilimid críochnaithe leis an ábhar sin. ….I think we are finished with that matter.
  • Beidh vótáil againn ar an ábhar / ar an gceist…..We will have a vote on the matter / question.
  • Deireadh a chur leis an gcruinniú….Finishing the meeting
  • Sula gcuirfidh mé deireadh leis an gcruinniú, seo iad na príomhphointí a phléamar. ….Before we finish, here is a summary of the main points we discussed.
  • Mura bhfuil aon ghnó eile ag aon duine, féadfaimid deireadh a chur leis an gcruinniú. ….If there is no other business, we can finish the meeting.
  • An bhféadfaimis dáta a réiteach don chéad chruinniú eile? ….Can we set a date for the next meeting?
  • Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil libh as a bheith i láthair. ….I would like to thank you for attending.
  • Go mbeirimid beo ar an am seo arís! ….May we be alive at this time next year.
  • Ábhar….Subject
  • Achoimre….Summary
  • Airgead….Money
  • Bliantúil….Annual
  • Brainse….Branch
  • Buiséad….Budget
  • Caiteachas….Expenditure
  • Comhalta….Member
  • Cathaoirleach….Chairperson
  • Ceist….Question
  • Cinneadh….Decision
  • Cisteoir….Treasurer
  • Clár….Agenda
  • Cláraigh….to Register
  • Comhairle….Advice
  • Comhalta….Member
  • Comhoibriú….Co-operation
  • Comhordú….Co-ordination
  • Córam….Quorum
  • Cumarsáid….Communication
  • Cumhacht….Power
  • Cur ar Athló….to Adjourn
  • Cur faoi Bhráid….to Submit, Present to,
  • Cur i Láthair….to Present
  • Cuspóir….Objective
  • Deonach….Voluntary
  • Díospóireacht….Discussion
  • Dlí….Law
  • Diúltaigh….Refuse
  • Eagraigh….Organise
  • Éifeachtach….Effective
  • Éisteacht….Hearing
  • Fodhlí….Bye-Law
  • Fógra….Notice
  • Freagra a Thabhairt….to Answer
  • Freastal ar….to Attend
  • Ginearálta….General
  • Gnáth-….Ordinary
  • Halla….Hall
  • I gCeannas….in Charge
  • I Láthair….in Attendance
  • Imeachtaí….Proceedings
  • Lámhleabhar….Handbook
  • Leas-….Vice, Deputy
  • Miontuairiscí….Minutes
  • Míosúil….Monthly
  • Moladh….Proposal
  • Nós Imeachta….Procedure
  • Oifigeach….Officer, Official
  • Óráid….Speech
  • Poiblí….Public
  • Príobháideach….Private
  • Ráiteas….Statement
  • Rialacha….Rules
  • Rún….Resolution / Motion
  • Rúnaí….Secretary
  • Seomra….Room
  • Speisialta….Special
  • Treoirlínte….Guidelines
  • Údarás….Authority
  • Vóta….Vote
  • Searmanas….Ceremony
  • Teachtaireacht….Message
  • Tosaíocht….Priority
  • Treoirlínte….Guidelines
  • Tús a Chur le….to Start / Begin
  • Vótáil….to Vote

GAA Units