Official Aras Mumhan Website

Cultúr-Gaeilge

Is pribhléid mór dom, mar Chathaoirleach ar Chomhairle na Mumhan, teachtaireacht a scríobh don suíomh cultúrtha seo.

Tá sé mar aidhm ag Cumann Lúthchleas Gael tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge, damhsa Gaelach, ceol, amhránaíocht agus don chultúr Gaelach i gcoitinne.

Sa suíomh eolais tábhachtach, suimiúil agus spéisiúil seo, táim cinnte go mbainfidh sibh taithneamh agus tairbhe as a bhfuil ann. Traoslaím le gach duine a thug cabhair agus tacaíocht chun an suíomh iontach seo a chur le chéile.

Molaim go h-ard an obair atá déanta agus tá toradh na hoibre sin le feiscint go soiléir. Tá Coistí Cultúrtha i ngach Contae. Faoi láthair tá sé éigeantach go mbeadh Oifigeach Cultúir/Gaeilge i ngach Club. Is buntáiste mór é go bhfuil an suíomh seo ann anois chun cabhair a thabhairt do na hOifigigh sin.

Tá sé mar dhualgas ag ár gCoiste Cultúrtha i gCúige Mumhan an cultúr Gaelach agus an Ghaeilge a chur chun cinn agus a chothú in imeachtaí Chomhairle na Mumhan, go háirithe, i gcúrsaí Scór, cluichí agus Scoláireachtaí Samhraidh sa Ghaeltacht.

Le blianta fada anuas tá daoine díograiseacha ins na Coistí i ngach Contae agus ins na Clubanna ag obair go dian dícheallach chun an Cultúr Gaelach agus an teanga Ghaelach a chothú agus a fhorbairt mar chuid d’ imeachtaí CLG na Mumhan.

Gabhaim buíochas ó chroí leis na daoine sin agus traoslaím leo as an dul chun cinn atá déanta acu. Cuirfimid fáilte roimh smaointe nua atá ag aon duine agaibh le haghaidh an tsuímh seo. Ba mhaith linn an suíomh seo a fhorbairt agus a leathnú, bunaithe ar na moltaí agus na smaointe uaibhse.

Sampla eile den chabhair is féidir a thabhairt dúinne chun an suíomh seo a fhorbairt is ea alt a chur isteach chugainn nó grianghraif nó tuairiscí faoi ócáidí, nó ábhar ar bith a bhaineann le himeachtaí CLG sa Chúige.

Rath oraibh agus ár mbuíochas libh,

Gearóid Ó Riain (Ger Ryan)
Cathaoirleach, Comhairle na Mumhan

GAA Units