Official Aras Mumhan Website

Loading Events
  • This event has passed.

Scoláireachtaí Gaeilge Comhairle na Mumhan

May 29, 2011 @ 3:00 pm - 3:15 pm

Inniu anseo i Staid Semple seolfaidh Cathaoirleach Chomhairle na Mumhan, Seán Breathnach, Scéim Scoláireachtaí Gaeilge na Comhairle.  Tá an scéim seo i gcomhpháirtíocht leis na Boird Chontaetha agus na Coláistí Gaeilge.

Bronnfar scoláireachtaí ar dhéagóirí, idir bhuachaillí agus chailíní, chun freastal ar chúrsaí Gaeilge trí seachtaine sa Ghaeltacht ina gcuirtear béim ar scileanna peile is iománaíochta.  Bíonn na cúrsaí seo á reáchtáil ag Coláistí Chorca Dhuibhne i gCiarraí Thiar, Coláiste na Rinne i gContae Phort Láirge agus Coláiste na Mumhan i mBéal Átha an Ghaoraidh i gCorcaigh.

Thug an Chomhairle 415 scoláireacht do bhuachaillí agus do chailíní chun freastal ar na cúrsaí seo anuraidh agus bhí Comhairle na Mumhan thar a bheith sásta leis an slí a reáchtáladh na cúrsaí agus bhí breis forbartha ar na cluichí.  Thar ceann Coláistí Chorca Dhuibhne thug Marc Ó Sé cabhair le scileanna peile agus Shane Broic cabhair le scileanna iománaíochta a fhorbairt.  Bhí searmanas chun an fáinne agus teastas a bhronnadh ar na mic léinn a d’fhreastal ar chúrsa speisialta i gColáistí Chorca Dhuibhne i mí Lúnasa.  I láthair don ócáid bhí Cathaoirleach agus Leas Chathaoirleach Chomhairle na Mumhan, Bainisteoir Cultúrtha Pháirc an Chrócaigh chomh maith le Oifigeach Bhord an Chontae i gCiarraí agus Luimneach, Cigirí ón Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Cigirí ón Roinn Oideachais agus foireann Choláistí Chorca Dhuibhne.

Tá Coiste Cultúrtha Chomhairle na Mumhan i bhfeighil na scéime seo agus tá dlúth cheangal ag an gCoiste Cultúrtha leis na Coláistí.  Meabhraíonn sé dúinn an tábhacht atá leis an nGaeilge mar theanga labhartha i measc na ndaoine.  Tá na daoine óga seo chun tréimhse a chaitheamh i measc na ndaoine arb’ í an Ghaeilge a ngnáth meán cumarsáide laethúil; uaireanta déanaimid dearmad go bhfuil saibhreas agus oidhreacht chultúrtha mar seo i mbéal dorais againn.  Is í an aos óg a chinnteoidh go mbeidh ár dteanga féin slán agus is trí chomhoibriú agus trí chomhar i measc eagrais mar Chumann Lúthchleas Gael, an Stát, múinteoirí scoileanna, na meáin, coláistí Samhraidh agus an pobal i gcoitinne a thabharfar an spreagadh seo dóibh in úsáid a dteanga féin.  Gura fada buan í inár measc.

Tá breis eolais maidir leis na scoláireachtaí seo le fáil ó Oifig Chomhairle na Mumhan nó na Boird Chontaetha.

Diarmuid Ó Murchú

 

Details

Date:
May 29, 2011
Time:
3:00 pm - 3:15 pm

GAA Units