Official Aras Mumhan Website

Loading Events
  • This event has passed.

GAAgaeilge Go Games Hurling Blitz

June 14, 2023

Ghlac os cionn 500 iománaí óg ó chlubanna Gaeltachta, ó Ghaelscoileanna agus ó mhórcheantair Ghaeilge páirt i mbliotsanna faoi 11 ag na GAAgaeilge Go Games a bhí ar siúl i bPáirc an Chrócaigh inné. Ina gcomhluadar ar an lá, bhí Ambasadóir Gaeilge Chumann Lúthchleas Gael, Paul Flanagan, agus é ag spreagadh na bpáistí agus i mbun réiteoireachta!

I measc na gclubanna agus na scoileanna a bhí páirteach ann bhí a Baile Uí Aodha (club Paul Flanagan), Gaelscoil Mhíchíl Cíosóg agus Scoil Náisiúnta Mhic Airt / Scoil Náisiúnta na Rinne ó chúige Mumhan.

Ina theannta sin, bhí Maigh Cuilinn, Cumann Camógaíochta Chois Fharraige, Bearna-Na Forbacha agus An Spidéal ó chúige Chonnacht. Bhí Bunscoil Phobal Feirste agus Sleacht Néill ann ó chúige Uladh agus bhí Scoil Uí Ghramhnaigh, Ráth Chairn, Scoil Santain, Gaelscoil Chluain Dolcáin agus Na Gaeil Óga ann ó chúige Laighean

Ba iad Rannóg Cumarsáide CLG, Oifigigh Ghaeilge na Mumhan agus Uladh a d’eagraigh na GAAgaeilge Go Games i gcomhar le Rannóg um Fhorbairt na gCluichí Náisiúnta, CLG.

Beidh na GAAgaeilge Go Games á n-eagrú arís amach anseo agus táthar ag súil le cuireadh a thabhairt do chlubanna as ceantair eile Ghaeltachta agus as Gaelscoileanna eile.


GAAgaeilge Go Games Hurling Blitz for boys and girls Under 11, will take place in Croke Park, Dublin on Wednesday, 14th June 2023.

This will be a celebration of hurling and the Irish language. It is an Irish-language and Gaeltacht day in Croke Park, and the clubs/schools have been invited as their players/students speak Irish.

Over 25 teams and approximately 400 boys and girls from Gaeltacht communities, Irish-medium schools and clubs focusing on Irish will be taking part in the day. This project is being organised by the GAA Communications Section and Munster and Ulster Irish Language Officers in conjunction with the GAA’s National Games Development Division.

There are no winners on the day. The goal is for all young players to have a chance to play a game and enjoy a day out in Croke Park.
We hope that there will be a very special event and that it will be enjoyed by everyone involved, especially the children from Munster.
An Ghaeilge abú!


Beidh Blitz Iomána faoi 11 , GAAgaeilge Go Games, i bPáirc an Chrócaigh, Baile Átha Cliath ar an gCéadaoin, 14 Meitheamh, 2023. Ceiliúradh a bheidh anseo ar an iomáint agus ar an nGaeilge. Lá Gaeilge agus Gaeltachta é an lá seo i bPáirc an Chrócaigh agus tá cuireadh faighte ag lucht na gclubanna/scoileanna de bharr go bhfuil Gaeilge ag a gcuid imreoirí/scoláirí.

Beidh os cionn 25 foireann agus tuairim is 400 buachaill agus cailín ó phobail Ghaeltachta agus ó scoileanna lán-Ghaeilge agus clubanna atá ag díriú ar Ghaeilge ag glacadh páirte sa lá. Tá an togra seo á eagrú ag Rannóg Cumarsáide CLG, ag Oifigigh Ghaeilge na Mumhan agus Uladh i gcomhar le Rannóg Forbairt Cluichí Náisiúnta CLG.

Níl aon bhuaiteoirí ann ar an lá. Is é an sprioc atá ann ná go mbeidh seans ag gach imreoir óg cluiche a imirt agus go mbeidh seans acu sult as bhaint as an lá i bPáirc an Chrócaigh.

Tá súil againn go mbeidh ócáid an-speisialta ann agus go mbainfidh gach duine a bheidh páirteach ann an-taitneamh as, agus na páistí ó Chúige Muamhan ach go háirithe.

An Ghaeilge abú!

Details

Date:
June 14, 2023

Venue

Croke Park

GAA Units