Cóitseálaithe / Coaches
Téarmaíocht Aclaíochta / Imeartha
- Amuigh faoin aer….outdoors
- Ar an talamh / san aer….on the ground / in the air
- Coinnigh an sliotar ar an talamh….keep the sliotar on the ground
- Tarraing ar an sliotar san aer….pull on the sliotar in the air
- Ar gcúl….backwards
- Rithigí ar gcúl….run backwards
- Blocáil….to block
- Bunscileanna….basic skills
- Léireoidh mé na bunscileanna….I will demonstrate the basic skills
- Buail i gcoinne….bump
- Buail ina choinne. Bíodh a fhios aige go bhfuil tú leis….bump him to let him know you are marking him
- Barr feabhais a bhaint amach….to excel at / to be fit
- Tá barr feabhais ar na himreoirí….the players are very fit
- Beir greim ar….grip
- Cairt….chart
- Léireoidh mé an plean imeartha ar an gcairt….I’ll diagram the game plan on the chart
- Carbaihiodráit….carbohydrate
- Ceannaireacht….leading
- D’éirigh leo an bua a fháil faoi cheannaireacht an chaptaein….they won the game led by the captain
- Comhghníomhú lámh is cos / lámh is súil….hand-foot / hand-eye co-ordination
- Coinnigh tú féin cothrom….keep yourself balanced
- Cóireáil leighis….medical treatment
- Corpacmhainneacht….fitness
- Cothrom na Féinne….fair play
- Tabharfar cothrom na Féinne do gach imreoir má dhéanann said an traenáil is gá….every player who does the necessary training will get a chance
- Cothú / beathú cothrom….balanced diet
- Crom….bend
- Cruth….shape
- Dea-nósanna….good habits
- Déan aithris….copy / imitate
- Déanaigí aithris ar imreoirí na foirne sin….copy that team’s players
- Déan staidéar….observe, survey
- Druil….drill
- Eagraigh….organise
- Tá sé tábhachtach seisiúin oiliúna tráthrialta a bheith ann….It is important to organise regular training sessions
- Feadóg….whistle Tá an fheadóg séidte ag an réiteoir
- Fearas….apparatus
- Tá fearas traenála san áras gleacaíochta….there is training apparatus in the gymnasium
- Fíor na foirne….formation
- Seo mar a bheidh fíor na foirne….this is the formation of the team
- Forbairt….develop
- Tá sé tábhacht scileanna na hiomána a fhorbairt agus tú fós óg….it is important that you develop the skills of hurling while still young
- Garchabhair….first aid
- Tugadh garchabhair don imreoir a bhí gortaithe….first aid was administered to the injured player
- Gearr….short
- Gluaiseacht….movement
- Coinnigh an liathróid ag gluaiseacht….keep the ball moving
- Gníomhaíochtaí eachtraíochta….adventure activities
- Gualainn….shoulder
- Tabhair do ghualainn dó….give him a shoulder
- I bhfáinne ar deiseal….in a clockwise direction
- Íseal….low
- Cuir an liathróid isteach go dtí na tosaithe go híseal….send the ball in low to the forwards
- Laistigh….indoor
- Is féidir traenáil a dhéanamh laistigh nuair a bhíonn drochaimsir ann….training can be done indoors during bad weather
- Lasmuigh….outside
- Leanúint….follow
- Leanúnachas….continuity
- Léaráid….diagram
- Léim ard….high jump
- Léim sé go hard chun seilbh a fháil ar an liathróid….he jumped high to get the ball
- Léimeanna guairneánacha….turning jumps
- Léirigh….demonstrate
- Liathróid a ghabháil….catch a ball
- Liathróid a sheachadadh….to pass / deliver a ball
- Luasghéarú….acceleration
- Luasmhoilligh….decelerate
- Lúthchleasaíocht….athletics
- Máistreacht….control / master
- Mataí urláir….floor mats
- Meáchan….weight
- Meáchan a chur ort / a chur díot….gain weight / lose weight
- Ná lig uait é….mark him closely / do not let him get away from you
- Obair mar fhoireann….teamwork
- Oiliúint….coaching
- Tarraing, a mhic!….Pull, young man!
- Tarraing, a iníon!….Pull, young woman!
- Pléascach….thrusting
- Thug sé ruathar pléascach leis an liathróid….he made a thrusting explosive attack with the ball
- Preab….bounce
- Ráib….a sprint
- Ráibeanna gearra….short sprints
- Rás sealaíochta….relay race
- Rithim….rhythm
- Rith ar aghaidh….run forward
- Rith cliathánach….run sideways
- Saoráid….facility
- Saorimeacht….free flow
- Saorghluaiseacht….free movement
- Saorchleachtadh….free practice
- Saothrú corpacmhainne / aclaíochta….fitness work
- Scileanna aonair….individual skills
- Scipeáil….to skip
- Seiftigh….improvise
- Solúbthacht….flexibility
- Scileanna feidhmiúla….functional skills
- Sciorrbhuille….flick
- Spás….space
- Tadhall teann / éadrom….firm / light touch
- Tarraing ar….pull on
- Téigh san iomaíocht….compete
- Treo….direction