Uachtarán CLG, Jarlath Burns, le cuairt a thabhairt ar CLG Chill Úird Dé Sathairn seo.
Tá cuireadh tugtha ag CLG Chill Úird do gach ball agus don phobal i gcoitinne a bheith leo chun an clubtheach nua, giomnáisiam pobail agus áiseanna páirce uasghrádaithe a oscailt go hoifigiúil.
Beidh an ceiliúradh ar siúl Dé Sathairn an 16 Bealtaine, ó 2pm go 5pm ag an gclub, agus is mór an onóir don chlub go mbeidh Uachtarán CLG, Iarlaith Ó Broin, mar aon le haíonna mór le rá eile, ina dteannta chun an searmanas oscailte oifigiúil a cheiliúradh.
Is ionann forbairt na n-áiseanna seo agus cloch mhíle mhór don chlub agus don phobal i gcoitinne. Is léiriú é ar an dúthracht, ar an obair chrua agus ar an tiomantas a léirigh an oiread sin daoine le blianta beaga anuas, agus tá áthas ar choiste an chlub an éacht seo a cheiliúradh le gach duine a chabhraigh agus a thacaigh lena bhfís ar an mbealach.
Cuimsíonn CLG Chill Úird, club beag bródúil tuaithe atá suite ó thuaidh ó Mhainistir Fhear Maí i gContae Chorcaí, Peil, Iomáint, Peil na mBan, Camógaíocht agus Liathróid Láimhe. Ní ar an bpáirc imeartha amháin a bhíonn an club gafa ach oiread. Glacann siad páirt ghníomhach i gcomórtais Scór chomh maith agus tá traidisiún láidir ó thaobh na Gaeilge de sa chlub.
Le deich mbliana anuas, tá muintir Chill Úird ag cur na Gaeilge i lár an aonaigh. Tá bonn airgid bainte amach ag an gclub ó Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha mar aitheantas ar an obair leanúnach atá ar bun acu. Cuireann siad ranganna ar siúl do mhic léinn na hArdteistiméireachta agus tá an Ghaeilge feiceálach timpeall an chlub, agus tuigeann na baill an nasc tábhachtach idir ár dteanga agus ár gcluichí.
Seo club ceannródaíoch atá ar an bhfód ó 1928 i leith – club atá an-oscailte do chách agus a bhfuil mana CLG “Tá Áit Dúinn Uilig Ann” go smior ann.
Joe Ó hEachteirn, Oifigeach Gaeilge an chlub:
“Táimid an-mhórálach as an méid atá bainte amach againn mar chlub ó thaobh na Gaeilge de. Tá súil againn a bheith in ann misneach a thabhairt do chlubanna eile lasmuigh den Ghaeltacht atá ar aistear teanga leis an bhFondúireacht. Ná bí buartha faoi – is féidir é a dhéanamh. Tá tacaíocht ar fáil.”
“I ráiteas misin Chumann Lúthchleas Gael, deirtear go bhfuil an Cumann pobalbhunaithe agus gur eagraíocht dheonach í a chuireann chun cinn cluichí Gaelacha, cultúr agus rannpháirtíocht saoil.
Tá CLG Chill Úird ag croílár an phobail seo agus tá an-chuid daoine páirteach sa chlub i ngach gné. Sampla de seo ná nuair atá ag éirí go maith le foirne sa chlub, is féidir é a bhrath go mór sa sráidbhaile agus bíonn an áit beo.
Cruthaíonn an club seo cairdeas fadsaoil agus tá traidisiún láidir de réanna clainne ag imirt ár gcluichí náisiúnta anseo i gCill Úird ó bunaíodh an club.
Cuirimid caighdeán ard cóitseála ar fáil i dtimpeallacht atá slán sábháilte agus le háiseanna atá ar ardchaighdeán chomh maith.”
Cuirfear fáilte roimh Uachtarán CLG, Iarlaith Ó Broin, trí mheán na Gaeilge ar an Satharn agus beidh deis iontach ag pobal na háite na háiseanna nua a fheiceáil, teacht le chéile mar chlub agus mar phobal, agus an chloch mhíle thábhachtach seo a cheiliúradh, agus aitheantas á thabhairt don tacaíocht luachmhar atá faighte ag an gclub.
Beidh fáilte roimh chách.
By Ed Donnelly Wed 13th May
