Seó Bóthair i gCorcaigh – Integration Pléite

By Ed Donnelly Thu 19th Mar

Seó Bóthair i gCorcaigh – Integration Pléite
Seó Bóthair i gCorcaigh – Integration Pléite

By Aedín Ní Bhriain

Tá mo chleamhnas á dhéanamh

Tionóladh an seó bóthair faoin lánpháirtiú/teacht le chéile atá le tarlú idir CLG, Peil na mban agus an Cumann Camógaíochta i bPáirc Uí Chaoimh le déanaí chun uasdátú a thabhairt do bhaill & chun aischothú a lorg don chéad chéim eile ar an aistear seo.

In 2022, ritheadh rúin ag comhdhálacha Camógaíochta, CLG agus LGFA ag moladh go ndéanfaí cluichí Gaelacha a chomhtháthú agus go dtabharfar tús áite don phróiséas lánpháirtithe. Bunaíodh grúpa stiúrtha le hionadaithe sinsearacha ó gach ceann de na trí eagraíocht chun an próiseas a chur chun cinn.  Cur Chuige aontaithe atá i gceist leis an gcreat a moladh ag an seó bóthair, lena gcuimsítear struchtúir náisiúnta, chúigeacha, chontae, chlub agus bhallraíochta.

Pléadh idir thosaíochtaí agus dhúshláin atá romhainn mar eagraíochtaí agus i measc na téamaí a tháinig chun cinn, bhí na hábhair seo a leanas:

Príomhsprioc do 2027:

Aon bhallraíocht amháin do chách sa CLG nua.

Admhaíodh nach bhfuil na mionsonraí go léir socruithe go fóill agus go raibh moltaí sa leabhrán a tugadh amach & nach cinntí a bhí i gceist leo. Is léir nach mbeidh saincheisteanna bonneagair socruithe do 2027 ach tá obair maidir le maoiniú ar bun cheana féin. Leagadh béim ar an bpointe seo – go gcaithfear smaoineamh ar an duais mhór a bheidh againn i ndeireadh na dála– eagraíocht náisiúnta spóirtiúil amháin le h-os cionn milliún ball.

Ábhair imní:

Ar ndóigh, chuir baill a bhí i láthair roinnt ábhar imní in iúl maidir leis an gcur chuige a bheidh i gceist chun an sprioc atá beartaithe a bhaint amach. Ina measc luadh na pointí seo a leanas:

  • An bhfuil an fráma ama réalaíoch?
  • An bhfuil dóthain ama ag Bord an Chontae chun na rudaí seo a chur i gcrích? (Fochoiste um Lánpháirtiú a eagrú, ach go háirithe)
  • Céard faoi Impleachtaí airgeadais do chlubanna?
  • Easpa shoiléiriú ar réimsí áirithe den phlean?

Bhí na 3 F’s mar a thugtar orthu go mór chun cinn:

  • Finance / cúrsaí airgeadais
  • Fixtures / Sceideal na gcluichí go léir
  • Facilities / Áiseanna

Mar fhocal scoir…

Glacadh leis na tuairimí a ardaíodh & moladh caidreamh agus rannpháirtíocht na mball ar an láthair agus ar líne. Dúradh nach raibh an fráma ama scríofa i gcloch ach go bhfuil gá le bheith cróga agus bogadh ar aghaidh céim ar chéim.

Is iomaí cheannteideal atá tugtha don tionscadal seo – Integration as Béarla agus – Teacht le chéile/ Lánpháirtiú/comhtháthú as Gaeilge. Níl aon amhras ach gur tionscadal an-uaillmhianach é, a léiríonn blianta de chomhráite, chur agus chúiteamh ach i ndeireadh na dála, b’fhéidir gur chuir Iarlaith Ó Broin a mhéar air nuair a dúirt sé go raibh sé mar sprioc againn, CLG nua a chruthú mar chlann mhór amháin.

Cleamhnas le déanamh go fóill ach muid ag obair linn…

By Ed Donnelly Thu 19th Mar

Related News

View All

Munster Counties