An Ghaeilge i gCroílár an Chluiche – Tionchar Fadtéarmach fágtha ag tionscadal Gaeilge CLG na Mumhan

By Ed Donnelly Tue 31st Mar

An Ghaeilge i gCroílár an Chluiche – Tionchar Fadtéarmach fágtha ag tionscadal Gaeilge CLG na Mumhan
An Ghaeilge i gCroílár an Chluiche – Tionchar Fadtéarmach fágtha ag tionscadal Gaeilge CLG na Mumhan

An Ghaeilge i gCroílár an Chluiche – Tionchar Fadtéarmach fágtha ag Tionscadal Gaeilge CLG na Mumhan

Dé Máirt, 31 Márta 2026

Tiocfaidh deireadh i mí an Mhárta le tionscadal trí bliana de chuid CLG na Mumhan, a cuireadh i bhfeidhm i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge, leis an aidhm úsáid na Gaeilge a fheabhsú, a fhorbairt agus a chur chun cinn ar fud Chúige Mumhan trí struchtúir agus gníomhaíochtaí CLG.

Le linn thréimhse na scéime mhaoinigh Foras na Gaeilge post oifigeach forbartha Gaeilge do CLG na Mumhan ar an tsamhail chéanna agus a cuireadh i bhfeidhm le CLG Uladh roimhe seo. Thug an post seo tacaíocht, treoir agus oiliúint do chlubanna, do bhoird chontae, do scoileanna agus do phobail, agus forbraíodh raon leathan gníomhaíochtaí agus imeachtaí Gaeilge dá bharr.

Ceapadh Aedín Ní Bhriain mar oifigeach forbartha Gaeilge don tréimhse, agus ba í a stiúir agus a chomhordaigh cur i bhfeidhm laethúil na scéime. Le linn shaolré an tionscadail cuireadh béim ar fheiceálacht agus ar úsáid na Gaeilge ag cluichí móra agus réigiúnacha, ar ábhar Gaeilge i gcláir agus ar ardáin dhigiteacha, chomh maith le hoiliúint agus acmhainní a chur ar fáil do bhaill foirne, d’oifigigh agus do choistí.

Forbraíodh comhpháirtíochtaí láidre le heagraíochtaí Gaeilge, cruthaíodh deiseanna nádúrtha úsáide do dhaoine óga agus do dhaoine fásta araon agus forbraíodh scéim scoláireachta chuimsitheach do dhaoine óga le freastal ar an nGaeltacht.

Bhí Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, agus Príomhfheidhmeannach CLG na Mumhan, Kieran Leddy, i láthair ag cruinniú deiridh na scéime in Áras Mumhan, Luimneach, Déardaoin an 22 Eanáir. Pléadh buaicphointí na hoibre agus an tairbhe shuntasach a bhain leis an tionscadal ar fud Chúige Mumhan.

Aontaíodh gur fhág an scéim oidhreacht dhearfach, struchtúir bhuana agus tionchar fadtéarmach ar úsáid agus ar mheon i leith na Gaeilge i saol CLG sa chúige, agus go dtógfaí ar an obair sin amach anseo.

Leanfaidh Aedín Ní Bhriain ina ról le CLG na Mumhan agus beidh sí fostaithe go díreach ag CLG amach anseo, rud a chinnteoidh leanúnachas na hoibre. Léiríonn an cinneadh seo tiomantas leanúnach CLG don Ghaeilge.

“Tá áthas ar CLG na Mumhan leanúint leis an tionscnamh seo, tar éis trí bliana dár dtionscadal píolótach le Foras na Gaeilge. Bhí, agus beidh, cur chun cinn ár dteanga dúchais i gcónaí i gcroílár CLG mar eagraíocht.”

— Tadhg Ó Murchú, Cathaoirleach CLG na Mumhan

“Tríd an chomhpháirtíocht luachmhar seo le CLG, tá dul chun cinn mór déanta i gCúige Mumhan agus i gCúige Uladh. Beimid ag súil le tógáil ar na forbairtí sin i gCúigí Laighean agus Chonnacht amach anseo.”

— Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge


An Ghaeilge i gcroílár an chluiche – Long-term impact left by the Munster GAA Irish language project

Tuesday, 31 March 2026

A three-year project by Munster GAA, implemented in partnership with Foras na Gaeilge with the aim of improving, developing, and promoting the use of Irish throughout the province through GAA structures and activities, will come to an end in March.

During the period of the scheme, Foras na Gaeilge funded an Irish-language development officer post for Munster GAA. This role provided support, guidance and training to clubs, county boards, schools and communities, resulting in a wide range of Irish-language activities and initiatives.

Aedín Ní Bhriain led and coordinated the daily implementation of the project. There was a strong emphasis on the visibility and use of Irish at major and regional matches, Irish-language content across programmes and digital platforms, and the provision of training and resources.

The project has left a positive legacy, permanent structures and a long-term impact on the use of and attitudes towards the Irish language within GAA life in Munster.

“The promotion of our native language has always been, and will continue to be, at the heart of the GAA as an organisation.”

— Tadhg Ó Murchú, Munster GAA Chairperson


Further information

Ed Donnelly
Communications Manager, Munster GAA
info.munster@gaa.ie

Anna Davitt
Programme Manager: Communications & Marketing, Foras na Gaeilge
adavitt@forasnagaeilge.ie

 

By Ed Donnelly Tue 31st Mar

Related News

View All

Munster Counties