Joe McDonagh Awards 2025

By Ed Donnelly Tue 18th Nov

Joe McDonagh Awards 2025
Joe McDonagh Awards 2025

Oíche mhór cheiliúrtha ag Páirc an Chrócaigh agus boinn Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha 2025 bronnta.

A great night of celebration at Croke Park with the awarding of the 2025 Joe McDonagh Foundation medals

Comhghairdeas leis na clubanna seo a leanas ó Chúige Mumhan –Átháin (Bonn Óir), Clár Átha an Dá Choradh, (Bonn Airgid) Áth Dara, Fánaithe na Camóige, Áth an tSléibhe, Mungairit / Naomh Pól, Raonaithe Chairbre, Fánaithe an Ruiséalaigh (Boinn Cré – Umha)

The Joe McDonagh Foundation 2025 Awards were presented at a special ceremony in Croke Park on Friday night, 14th November 2025. Clubs from all over the country won bronze, silver or gold medals for their efforts, work, and commitment to the promotion of the Irish language. Huge congratulations must go to Ahane on winning Gold, Clarecatle on winning silver and well done to Adare, Camogue Rovers, Athea, Mungret / Saint Pauls, Carbery Rangers and Russell Rovers on achieving bronze medal status.

The Joe McDonagh Foundation is a partnership scheme between Glór na nGael and the GAA. The partnership is committed to increasing the presence and use of Irish in GAA clubs throughout the country. The medals awarded are evidence of the continued efforts of the clubs to integrate the Irish language into their activities and to foster their growth among their members and communities.

This event not only recognises the individual achievements of clubs but also strengthens the importance of fostering and promoting the Irish language through sport.

This year, for the first time, the promotion of Irish at county board level was recognised, with both Clare and Kerry County Boards among the 5 County Boards being recognised at national level.

Further information on the Sheosaimh Mhic Dhonncha Foundation is available at www.glornangael.ie/clg

In addition to this National Scheme, Munster GAA have introduced a new initiative, Gradaim an Chíosógaigh – a new Awards Scheme for Munster GAA, LGFA and Camogie clubs registered with the Joe Mc Donagh Foundation.

The 2026 Scheme will be launched at the end of November, – ná caill amach air, watch out for the Michael Cusack Awards 2026.



Bronnadh boinn aitheantais Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha 2025 ag searmanas speisialta i bPáirc an Chrócaigh oíche Aoine, an 14 Samhain 2025. Bhuaigh clubanna ó gach cearn den tír boinn chré-umha, airgid nó óir as a gcuid iarrachtaí, a gcuid oibre agus a dtiomantas do chur chun cinn na Gaeilge.

Is scéim chomhpháirtíochta í Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha idir Glór na nGael agus an CLG. Tá an chomhpháirtíocht tiomanta do láithreacht agus úsáid na Gaeilge a mhéadú i gclubanna CLG ar fud na tíre. Is fianaise iad na boinn seo a bronnadh ar iarrachtaí leanúnacha na gclubanna chun an Ghaeilge a chomhtháthú ina ngníomhaíochtaí agus chun a fás a chothú i measc a mbaill agus a bpobail.

Ní hamháin go n-aithníonn an ócáid seo éachtaí aonair na gclubanna, ach neartaíonn sé freisin an tábhacht a bhaineann leis an Ghaeilge a chothú agus a chur chun cinn tríd an spórt.

I mbliana, den chéad uair, aithníodh cur chun cinn na Gaeilge ag leibhéal an bhoird chontae, agus tugadh aitheantas do Bhoird Chontae an Chláir agus Chiarraí araon i measc 5 Bhord Contae ag an leibhéal náisiúnta.

Tá tuilleadh eolais maidir le Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha ar fáil ag www.glornangael.ie/clg

Ag teacht sna sála ar an rath a bhí ar Oíche na nGradam don Fhondúireacht, beidh Scéim Dámhachtana CLG na Mumhan, Gradaim an Chíosógaigh 2026, do chlubanna atá cláraithe le Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, á sheoladh ag deireadh na míosa seo – Coimeád súil amach do Ghradaim an Chíosógaigh 2026!

By Ed Donnelly Tue 18th Nov

Related News

View All

Munster Counties