Is iomaí cúis cheiliúrtha a bhí ag muntir Chiarraí i rith na seachtaine le Sam ar ais sa ríocht agus ómós tugtha d’fhoireann na Mílaoise i bPáirc an Chrócaigh ar an Domhnach.
Bhí deis againn dreas comhrá a dhéanamh le roghnóir Chiarraí, Aodán Mac Gearailt, sa Neidín le déanaí, duine de laochra 2000 chomh maith, ar ndóigh. Seo blas de na smaointe a roinn Aodán linn.
Fáilte agus tacaíocht
Ag labhairt dó faoin bhFáilte a chuireadh rompu sa Neidín & na sluaite a bhí tagtha, dúirt Aodán go raibh sé dochreidte, maraon leis an tacaíocht i bPáirc an Chrócaigh ar an Domhnach. ‘B’fhiú 4 nó 5 phointe an tacaíocht sin i bPáirc an Chrócaigh.’
Laochra
‘Tá an t- ádh linn i gCiarraí, tá laochra againn i gcónaí a spreagann na h-imreoirí óga. Tá a thuilleadh laochra acu anois tar éis bhua an Domhnaigh’
Foireann na Mílaoise
Cad é an chuimhne is mó atá agat ón tréimhse sin?
‘Mar leaid óg – an deis imirt i bPáirc an Chrócaigh ar ndóigh, ach an chuimhne is mó atá agam ná méid na bhfear ón nGaeltacht a bhí ar an bhfoireann sin, le Páidí mar bhainisteoir againn & an meas a bhí acu ar an nGaelainn. Bhí sé dochreidte ar fad do mhuintir na Gaeltachta agus don Ghaelainn.
Bhuail mé leis na leaids ar an Domhnach díreach roimh dóibh dul amach ar an ngort –leithéidí Séamus Ó Muineacháin, Maurice Fitz, na Ó Sé’s, Ó Cinnéide – spreagfadh sé sin thú. Cuireann sé ar do chompord thú, an méid sin iar-imreoirí ó Chiarraí & iad ar fad ag iarraidh sinn a ghríosadh ag dul amach ar an ngort.’

Bua na bliana seo – cad as a tháinig an taispeántas i mbliana?
‘Tháinig sé ó na himreoirí iad fhéinig. Bhí a fhios acu go rabhadar níos fearr ná mar a thaispeáin siad le roinnt ama anuas. Labhramar faoi. Chuamar thar nais. Dheineamar na rudaí bunúsacha. Dhein gach éinne an jab a tugadh dóibh. Thugamar saoirse dóibh & bhí muinín againn astu.’
An raibh cur chuige Páidí mar an gcéanna i 2000?
‘Sin é go díreach – ciceáil na caide, compord leis na bunscileanna. Nuair atá na scileanna san ag leaids na ríochta, ní féidir ceangal a chur orthu. Lig dóibh imeacht amach agus tabhair saoirse dóibh!’
By Ed Donnelly Sat 2nd Aug
