Official Aras Mumhan Website

13th March 2025

D’fhógair Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Iarlaith Ó Broin, gurb é iománaí Átha Cliath, Fergal Whitely, a bheidh mar Ambasadóir na Gaeilge ag Cumann Lúthchleas Gael do 2025, ag ócáid i bPáirc an Chrócaigh le déanaí.

Tá an Ghaeilge an-tábhachtach do Fergal agus tá sé ag súil go mór leis an ról mar Ambasadóir Gaeilge CLG.

Mar chuid den ról beidh Fergal ag tacú le scéimeanna agus le hócáidí Gaeilge de chuid an Chumainn ar nós Cuaille (iris Ghaeilge ar líne an Chumainn), Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha agus na GAAgaeilge Go Games a bheidh ar siúl i bPáirc an Chrócaigh níos déanaí sa bhliain.

Ag an seoladh i bPáirc an Chrócaigh chuir Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Iarlaith Ó Broin, fáilte roimh Fergal chuig an ról agus ghuigh sé gach rath air don bhliain amach romhainn.

Dúirt Fergal, múinteoir bunscoile i Scoil San Treasa i gCnoc Mhuirfean, gur mhór an onóir a bhí ann dó a bheith mar Ambasadóir na Gaeilge agus go raibh sé ag súil go mór leis an mbliain amach roimhe. Tá sé ag súil, freisin, le daoine a spreagadh lena gcuid Gaeilge a labhairt le linn na bliana.

Ó d’imir Fergal le hÁth Claith don chéad uair thiar sa bhliain 2017, tá sé anois ina chrann taca ag tosaithe Átha Cliath. Tá dhá chraobh chontae buaite aige lena chlub Cill Mochuda Na Crócaigh sna blianta 2021 agus 2022, nuair a d’éirigh leo an ceann is fearr a fháil ar Na Fianna sa dá chluiche cheannais sin.

Tá Cumann Lúthchleas Gael ag súil go mór le bheith ag obair le Fergal don bhliain amach romhainn. Tagann Fergal sna sála ar pheileadóir na Gaillimhe, Paul Conroy, a bhí mar Ambasadóir Gaeilge ar CLG i 2022, ar iománaí an Chláir, Paul Flanagan, a bhí mar Ambasadóir na Gaeilge i 2023 agus ar Sheán O’Shea a bhí mar Ambasadóir na Gaeilge do 2024.


Ambasadóir Gaeilge CLG, Fergal Whitely, i gcuideachta Aedín Ní Bhriain, Oifigeach Forbartha Gaeilge CLG na Mumhan agus Uachtarán CLG, Iarlaith Ó Broin


Dublin Hurler Fergal Whitely announced as GAA Irish Language Ambassador for 2025

Irish Language Ambassador to the GAA, Fergal Whitely, with Aedín Ní Bhriain, Munster GAA Irish Language Development Officer and GAA President, Iarlaith Ó Broin

The GAA President, Iarlaith Ó Broin, announced that Dublin hurler Fergal Whitely will be the Irish Language Ambassador to the GAA for 2025, at a recent event in Croke Park. The Irish language is very important to Fergal, and he is very much looking forward to the role of Irish Language Ambassador for the GAA.

As part of the role Fergal will be supporting Irish language schemes and events such as Cuaille (the organisation’s’s online Irish language magazine), The Joe McDonagh Foundation and the GAAgaeilge Go Games which will take place in Croke Park later in the year.

At the launch in Croke Park, President of the GAA, Iarlaith Ó Broin, welcomed Fergal to the role and wished him every success for the year ahead.

Fergal, a primary school teacher at St. Treasa’s School in Mount Merrion, said that he was honoured to be Ambassador of the Irish language and that he was very much looking forward to the year ahead. He also hopes to encourage people to speak Irish throughout the year.

Since Fergal first played for his county in 2017, he has become a central figure in the Dublin forwards. He has won two county championships with his club Kilmacud Crokes in 2021 and 2022, defeating Na Fianna in both finals.

We look forward to working closely with Fergal for the coming year. Fergal follows in the footsteps Galway footballer Paul Conroy, who was Irish-Language Ambassador to the GAA in 2022, Clare hurler Paul Flanagan, who was Irish-Language Ambassador in 2023 and Seán O’Shea who was Irish-Language Ambassador for 2024.

Ádh mór Fergal!

GAA Units