Official Aras Mumhan Website

03rd March 2025

Áras Mumhan, Castletroy was the venue on Saturday, March 1st for the presentation of Munster GAA’s Michael Cusack Awards, a competition for clubs in Munster to demonstrate their commitment to the promotion of Irish and Culture at club level. Four winning clubs shared a total prize fund of 10,000 Euro, with each successful club in the province awarded 2,500 Euro.

Winners of the 2025 Michael Cusack Awards

CLG Átháin, Co. Luimnigh,
CLG Lios Póil, Co Chiarraí,
CLG na hEochaille, Co. Chorcaí,
CLG na Gaeil, Trá Lí,


Each club presented a video showcasing how Gaeilge and Culture are promoted at local level, along with a written submission on how the club would mark the contribution of the GAA’s founder on the anniversary of his birth in September each year.

In presenting the Awards, Munster Council Chairman Tim Ó Murchú, spoke of the GAA’s commitment to Irish and that the establishment of the Michael Cusack Awards by Munster GAA was part of the continuation of this tradition. The Awards were presented as part of the celebration and launch of Seachtain na Gaeilge, in partnership with Comhluadar Luimnigh, who have organised a comprehensive programme of events from now to Saint Patrick’s Day to celebrate Gaeilge in the region.

Aedín Ní Bhriain, Munster GAA’s Irish Language Officer, said ’In linking with clubs throughout Munster, as part of the Joe Mc Donagh Foundation, I have seen the excellent work that goes on to promote Gaeilge throughout the Province. Viewing the entries submitted by all the clubs in the competition has been an absolute pleasure and a heartening reminder of the community spirit which is at the heart of the GAA.’


Pictured left to right:
Tomás Ó hAiniféin, Chairperson Coiste Cultúrtha, Clíodhna NíDhufaigh, Glór na nGael, Tim O Murchú, Chairperson Munster Council, Julie Ni Bhuachalla, Youghal GAA Club, Liam Ó Laocha, Youghal Gaa Club, Colm Ó hArgáin, Foras na Gaeilge, Aedín ní Bhriain, Irish Officer CLG na Mumhan


Bronnadh Gradaim an Chíosógaigh in Áras Mumhan, Caladh an Treoigh ar an Satharn, 1. Márta. Reáchtáladh Comórtas do chlubanna i gCúige Mumhan chun a dtiomantas do chur chun cinn na Gaeilge agus an Chultúir ag leibhéal an chlub a léiriú. Roinn ceithre chlub bhuaiteacha duaischiste iomlán de EUR 10.000, agus bronnadh EUR 2.500 ar gach club rathúil sa chúige.


Buaiteoirí Ghradaim An Chíosógaigh 2025

CLG Átháin, Co. Luimnigh,
CLG Lios Póil, Co Chiarraí,
CLG na hEochaille, Co. Chorcaí,
CLG na Gaeil, Trá Lí,

Chuir gach club físeán le chéile ag léiriú conas a chuirtear an Ghaeilge agus an Cultúr chun cinn ar an leibhéal áitiúil, chomh maith le haighneacht i scríbhinn faoin gcaoi a ndéanfadh an club ceiliúradh ar an méid a bhain bunaitheoir CLG amach ar ócáid a Lá bhreithe i mí Mheán Fómhair gach bliain.

Agus é ag bronnadh na nGradam, labhair Cathaoirleach Chomhairle na Mumhan, Tim Ó Murchú, faoi thiomantas CLG don Ghaeilge agus luaigh sé go raibh bunú Ghradaim an Chíosógaigh ag leanúint ar aghaidh leis an traidisiúin seo. Bronnadh na gradaim mar chuid de cheiliúradh agus de sheoladh Sheachtain na Gaeilge, i gcomhpháirtíocht le Comhluadar Luimnigh, a d’eagraigh clár cuimsitheach imeachtaí as seo go Lá Fhéile Pádraig chun an Ghaeilge a cheiliúradh sa réigiún.

Dúirt Aedín Ní Bhriain, Oifigeach Gaeilge CLG na Mumhan, ‘Agus mé ag tacú le clubanna sa chúige, mar chuid d’Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, chonaic mé an sárobair atá ar siúl chun an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud an Chúige. Ba chúis mhóir áthais dom féachaint ar na hiontrálacha a chuir na clubanna go léir isteach sa chomórtas agus léirigh sé an chaoi ina bhfuil spiorad an phobail lárnach i gcroílár CLG i gcónaí’

GAA Units