Official Aras Mumhan Website

25th March 2024

Bhí an Tánaiste Mícheál Martin i Luimneach le déanaí chun an leabhar ‘Cumann na mBunscol, 50 Bliain ag Fás’ a sheoladh. Léiríonn an leabhar seo an chéad 50 bliain de Chumann na mBunscol, an eagraíocht a chuireann cluichí Gaelacha chun cinn i mbunscoileanna i ngach ceann de 32 contae na hÉireann, foilsithe ag Coláiste Mhuire gan Smál agus urraithe ag CLG i measc eagraíochtaí eile.

Cnuasach cuimsitheach atá i gceist leis an leabhar seo: 100 bliain de theistiméireachtaí pearsanta, 1000 múinteoir, na mílte dalta… agus iad go léir nasctha trí eagraíocht amháin, Cumann na mBunscol.

Is scéal é 50 Bliain ag Fás faoi ‘gnáthfhir agus mná’ a rinne rudaí iontacha, agus tá daoine óga na hÉireann tar éis leas a bhaint as. Mar a dúirt an Tánaiste, Mícheál Martin ‘Is ceiliúradh é an leabhar seo ar mhúinteoirí bunscoile na hÉireann’

Dúirt an comhúdar, Ciaran Crowe, ‘ Go bunúsach, táimid ag gabháil buíochas ó chroí insan leabhar seo in ómós don obair dheonach agus is gairm chun gnímh é freisin do mhúinteoirí óga na caighdeáin arda atá bainte amach acu siúd a tháinig rompu a chaomhnú agus a fhorbairt.’

Labhair an comhúdar Joe Lyons faoin gcaoi a dtugann an Cluiche Bunscoile, atá eagraithe ag Cumann na mBunscol, deis do pháistí bheith rannpháirteach i gcluichí Gaelacha agus a bheith ag imirt le cairde ag an am céanna.

Thar na blianta, tá go leor dár réaltaí tar éis páirt a ghlacadh sa Primary Game — Simon Zebo, Amber Barrett, Nickie Quaid, Noel McGrath, Declan Hannon, Rebecca Delee gan ach cúpla ceann a lua.

Beidh 484 imreoir óg ag glacadh páirte sa Primary Game i gCúige Mumhan i mbliana.

Tá sé tráthúil gur seoladh an leabhar ag an am céanna leis an gceiliúradh ar Bhua Chorn Mhic Giobúin i gColáiste Mhuire Gan Smál agus táimid ag súil go leanfar le h-oidhreacht Chumainn na Bunscol i gcomhpháirtíocht leis an CLG amach anseo.

GAA Units