Official Aras Mumhan Website

13th October 2023

Sheol Ambasadóir Gaeilge CLG, Paul Flanagan, an feachtas feasachta ’10 gCéim chun tosaigh don Ghaeilge sa Chlub’ ag Fóram Óige Chumann Lúthchleas Gael i bPáirc an Chrócaigh Dé Sathairn seo caite, 7 Deireadh Fómhair 2023.

The GAA’s Irish language Ambassador, Paul Flanagan, launches an awareness campaign ‘10 Steps forward for Irish in the Club’ at the GAA Youth Forum in Croke Park last Saturday, 7 October 2023.


10 gCéim chun tosaigh don Ghaeilge sa Chlub
(10 Steps forward for the Irish Language in the Club)

The GAA’s Irish language Ambassador, Paul Flanagan, launched an awareness campaign ‘10 Steps forward for Irish in the Club’ at the GAA Youth Forum in Croke Park last Saturday, 7 October 2023.

These are small practical steps that could be taken to ensure a more visible and central place for the Irish language in the club. The ten steps include the following:

  • Appointment of an Irish Language and Culture Officer in the club
  • Registration with the Joe McDonagh Foundation
  • Display Irish language signage in the club
  • Irish on the club’s social media
  • Organise a conversation circle
  • Organise a pop-Up Gaeltacht
  • Display the words of Amhrán na bhFiann in the club
  • Give information on Gaeltacht scholarships to club members
  • Appoint an Irish language Ambassador to the club
  • Organise an Irish Language Day in the club

What steps will your club be taking?

This is a GAA awareness campaign in conjunction with Munster and Ulster Irish Language and Cultural Officers. The ‘10 gCéim chun tosaigh don Ghaeilge sa Chlub’ poster can be downloaded below. DO CHLUB! DO CHÉIM!

Bigí linn!

https://www.gaa.ie/api/pdfs/image/upload/b2yuqem6cfu4faywrezb.pdf


Sheol Ambasadóir Gaeilge CLG, Paul Flanagan, an feachtas feasachta ’10 gCéim chun tosaigh don Ghaeilge sa Chlub’ ag Fóram Óige Chumann Lúthchleas Gael i bPáirc an Chrócaigh Dé Sathairn seo caite, 7 Deireadh Fómhair 2023.

Is éard atá sna céimeanna seo ná céimeanna beaga praiticiúla a d’fhéadfaí a thógáil chun áit níos feiceálaí agus níos lárnaí a chinntiú don Ghaeilge sa chlub. I measc na deich gcéimeanna, tá na rudaí seo a leanas:

  • Oifigeach Gaeilge agus Cultúir a cheapadh sa chlub
  • Clárú le Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha
  • Comharthaíocht Ghaeilge a chrochadh sa chlub
  • An Ghaeilge ar mheáin shóisialta an chlub
  • Ciorcal comhrá a eagrú
  • Pop-Up Gaeltacht a eagrú
  • Focail Amhrán na bhFiann a chrochadh sa chlub
  • Eolas faoi scoláireachtaí Gaeltachta a scaipeadh ar bhaill an chlub
  • Ambasadóir Gaeilge a cheapadh don chlub
  • Lá na Gaeilge a eagrú sa chlub

Cá mhéad céim atá á dtógáil ag do chlub?

Feachtas feasachta é seo de chuid CLG i gcomhar le hOifigigh Ghaeilge agus Chultúir na Mumhan agus Uladh. Is féidir an póstaer ‘10 gCéim chun tosaigh don Ghaeilge sa Chlub’ a íoslódáil anseo thíos. DO CHLUB, DO CHÉIM!

https://www.gaa.ie/api/pdfs/image/upload/b2yuqem6cfu4faywrezb.pdf

GAA Units