Mar chuid den tionscnamh um Fhorbairt Iomána ag an Leibhéal Náisiúnta, tionóladh cruinniú i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach ar an 6 Meitheamh chun todhchaí ár gcluiche a phlé.
Tugadh cuireadh do lucht iomána an chúige teacht chun a dtuairimí a roinnt. Cuireadh tús leis an oíche le cur i láthair ó Chiarán Ó Lidí, Príomhfheidhmeannach CLG na Mumhan, ó Sheosamh Mac Artáin, Ceannaire Forbartha na hIomána i gCúige Mumhan agus Liam Ó Meachair, Ceannaire Náisiúnta na hIomána.
Leagadh béim ar láidreacht na hiomána i gCúige Mumhan – Na sluaite, níos mó ná riamh (os cionn 330,000 duine) ag freastal ar ár gCluichí sa Chraobh i mbliana, an fás atá tagtha ar an tóir atá ar chluichí ar ardáin ar nós Instagram agus Tik Tik ag próifíliú scileanna an chluiche dár ndéimeagrafaic óige, an tIonad Barr Feabhais in MIC Luimneach, an tábhacht stairiúil a bhaineann le hIománaíocht na Mumhan thar na mblianta le leithéidí na Doyles, Christy Ring, Mick Mackey i measc na ngnéithe iomadúla a luadh.
Cé go n-aithnítear gurb é Craobh Iomána na Mumhan an tseoid sa choróin faoi láthair, tugadh tús áite don tábhacht a bhaineann le forbairt agus pleanáil don todhchaí. Ar cheart dúinn a bheith ag féachaint ar leagan hibrideach den chluiche dóibh siúd nach mbeidh ag imirt ar ardleibhéal comórtasach? Conas is féidir linn an iomáint a chur chun cinn in áiteanna ina bhfuil daingean ag cóid eile ar leibhéal faoi aois faoi láthair? Conas a leanaimid orainn ag mealladh daoine atá nua anseo in Éirinn chuig ár gcluiche? Tá go leor dúshlán fós ann – an gá atá le forbairt riachtanach a dhéanamh ar shaoráidí, páirceanna saorga, réimse faoi dhíon, an dúshlán a bhaineann leis an gcluiche a fhorbairt i lárionaid mhóra uirbeacha, athmhachnamh a dhéanamh ar mhúnla an chlub atá bunaithe ar shamhail an pharóiste inár dtír, in Éirinn atá ag síorathrú.
Saincheisteanna praiticiúla amhail costas trealaimh, costais árachais, róbhéim ar an lúthchleasaíocht in ionad scileanna, aonrú clubanna áirithe sa chúige atá i bhfad ó chlubanna iomána eile, áit nach í an iománaíocht an príomhchluiche go háitiúil agus an tsaincheist a bhaineann le hachair fhada a thaisteal chuig cluichí – sin cuid de na dúshláin atá ann dóibh siúd a chuireann an iománaíocht chun cinn i gCúige Mumhan. I gcásanna eile, ní féidir le clubanna freastal ar an líon daoine atá ag iarraidh páirt a ghlacadh, mar gheall ar easpa cóitseálaithe, oibrithe deonacha, ama agus áiseanna atá ar fáil.
Leag Liam Ó Meachair béim ar an tábhacht a bhaineann lenár gcumas dul i ngleic le h-athrú, ag teacht leis na príomhchoincheapa atá lárnach dár n-eagraíocht – teaghlach, pobal, club, nasc, cúram, soiléireacht agus carachtar. Teastaíonn fís shoiléir uainn don todhchaí a chumhachtaíonn muintir na hiománaíochta áitiúla. Ní mór dúinn pleanáil agus freagracht a chur chun cinn, chomh maith le fás an chluiche i gceantair nach bhfuil ionadaíocht acu faoi láthair.
Aithníodh gurb iad na déimeagrafaic an dúshlán is mó atá romhainn amach. Ní mór dúinn leibhéil rannpháirtíochta a mhéadú, agus meastar gur saincheist lárnach é an t-oideachas do chóitseáilithe. Trí thuairimí na ndaoine sin atá fréamhaithe i saol na h-iomána go laethúil a chloisteáil, cuideofar le conair chomhtháite a chruthú don phleanáil amach anseo, lena sainaithneofar na riachtanais laistigh de phobal na hiománaíochta. Tá an iomáint inár DNA – is linne í. Tá seoid álainn againn, agus caithfimid í a chur & a choinneáil i lár an aonaigh, í a neartú & a chaomhnú.