Reáchtáladh Babhta Ceannais Scór na nÓg an Chontae i gCiarraí i gcompord Halla CLG Ghleann Beithe oíche Shathairn seo caite. Tá áit dúinn uilig ann – sin mana GLG agus ba rí– shoiléir é sin tráthnóna Dé Sathairn i nGleann Beithe.
Bhí an coiste áitiúil i láthair i bhfad roimh thús na ngníomhaíochtaí ag cabhrú le hullmhú an ionaid agus tar éis do gach léiriú a bheith críochnaithe ar an stáitse, rinneadar obair na gcapall arís ag bogadh cathaoireacha, ag glanadh agus ag scuabadh agus iad i mbun ullmhúcháin don chéad imeacht eile ag 9.00am maidin Dé Domhnaigh. Ar scáth a chéile a mhairimid!
Shuigh gach duine a bhí i láthair siar i gcompord agus bhaineadar taitneamh as siamsaíocht den scoth idir amhránaíocht, ceol agus damhsa agus go leor eile mar chinntigh clár iomlán i ngach catagóir Scór réimse leathan siamsaíochta.
Bhí caighdeán an-ard i ngach catagóir agus ghlac líon mór daoine páirt, go háirithe sna himeachtaí aonair. Choinnigh Fear and Bean A’ Tí P.J. Mulvihill agus Suzanne Ní Laoighre an tráthnóna ag gluaiseacht ag luas deas réidh. Buíochas chomh maith le foireann ollmhór de chúntóirí deonacha a bhí páirteach i gcoiste Scór.
Ba iad Piarsaigh Na Dromoda a bhuaigh comórtas na gclub. Go n-éirí leis na buaiteoirí ó na clubanna ar fad i gCraobh leathcheannais na Mumhan agus comhghairdeachas leo uilig.