Official Aras Mumhan Website

22nd May 2024

Over the course of the last number of weeks, Glór na nGael and Cumann Luthchleas Gael have invested EUR 23,820 to help promote the Irish language through the Sheosaimh Mhic Dhonncha Foundation scheme.

This will have a positive effect on the clubs in the scheme and on the language itself. It is a great opportunity to encourage people locally and to provide a platform for the Irish language in GAA clubs. The funding enables clubs to develop new strategies to promote the language through various activities.

With this funding, the clubs can embark on language projects, develop educational programmes to teach Irish to members of the association, and organise social events to provide an opportunity to use Irish for learners and speakers of the language. This grant is available twice a year to clubs registered on the scheme, committed to promoting to the language, and who have put in place an action plan to ensure a place for the Irish language in the club’s activities.

’’ Tír gan teanga, tír gan anam,” as we say, and it is important that GAA clubs registered with us can preserve and promote the Irish language through community and sporting events. We hope that all these clubs and events will succeed in improving the richness and culture of the Irish language among our communities and that thebenefits of this funding will be evident in the clubs that have registered with us.

The Joe Mc Donagh Foundation is a support scheme run by Glór na nGael and the GAA for GAA clubs who wish to promote the Irish language. You can read more about the scheme here or contact clg@glornangael.ie


Tá infheistíocht ar luach €23,820 déanta ag Glór na nGael agus Cumann Luthchleas Gael le cúpla seachtain anuas chun cuidiú le cur chun cinn na Gaeilge tríd an scéim Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha.

Beidh tionchar dearfach aige seo ar chlubanna na scéime agus ar an teanga féin. Is deis iontach é seo chun na ceantair áitiúla a spreagadh agus ardán a thabhairt don Ghaeilge sna cumainn CLG. Tugann an maoiniú seo deis do na clubanna straitéisí nua a fhorbairt chun an teanga a chur chun cinn trí ghníomhaíochtaí éagsúla.

Leis an airgead seo, is féidir leis na clubanna tús a chur le tionscadail teanga, cláracha oideachais a fhorbairt chun an Ghaeilge a mhúineadh do bhaill an chumainn, agus imeachtaí sóisialta a eagrú le deis úsáide a sholáthar do fhoghlaimeoirí agus cainteoirí Gaeilge. Bíonn an deontas seo ar fáil faoi dhó sa bhliain do chlubanna atá cláraithe ar an scéim agus tiomanta don teanga, agus a bhfuil plean gnímh curtha le chéile acu le áit a chinntiú don Ghaeilge i ngníomhaíochtaí an chumainn.

Mar a deirtear, “Tír gan teanga, tír gan anam,” agus tá sé tábhachtach go mbeidh an deis ag na clubanna atá cláraithe linn an Ghaeilge a chaomhnú agus a chur chun cinn trí imeachtaí pobail agus spóirt. Tá súil againn go n-éireoidh leis na clubanna ar fad agus na himeachtaí seo cur le saibhreas agus le cultúr na Gaeilge i measc ár bpobail agus go bhfeicfear fiúntas an mhaoiniú seo sna clubanna atá cláraithe linn.

Is scéim tacaíochta de chuid Ghlór na nGael agus de chuid Chumann Lúthchleas Gael í Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, ar mhaithe le clubanna CLG ar mian leo an Ghaeilge a chur chun cinn. Is féidir tuilleadh eolais faoin scéim a léamh anseo nó bí i dteagmháil ag clg@glornangael.ie

GAA Units