Official Aras Mumhan Website

07th March 2024

Tá Seachtain na Gaeilge go maith faoi lánseol ag an tráth seo le himeachtaí Gaeilge á n-eagrú fud fad na tíre agus iarrachtaí móra ar bun ag daoine a gcuid Gaeilge a chleachtadh mar chuid den fhéile.

Le Jamie Ó Tuama

Cúis mhór bhróid do lucht Chumann Lúthchleas Gael is ea an oiread ball, clubanna, contaetha agus cúigí de chuid Chumainn atá ag ceiliúradh na féile agus iad lárnach sa scléip ar fad.

Tá go leor imeachtaí agus tograí ar siúl ag an gCumann i gcúige Mumhan i mbliana. Thapaigh mé an deis labhairt le hAedín Ní Bhriain, Oifigeach Gaeilge Chomhairle Mumhan, le cur síos a fháil ar an méid a bhí ar bun ó dheas. Ceann de na rudaí móra atá ar siúl acu ná an comórtas do scoláireachtaí Gaeltachta atá dírithe ar lucht dara leibhéil sa chúige. D’iarr mé ar Aedín labhairt liom faoin tábhacht a bhain lena leithéid de chomórtas.

‘Ar an gcéad dul síos, tá sé tábhachtach tacaíocht a thabhairt do dhaoine óga inár n-eagraíocht agus infheistíocht a dhéanamh sa teanga agus sa todhchaí sa chomhthéacs seo’, a deir Aedín.

‘Ar an dara dul síos, tá sé riachtanach go dtuigfeadh daoine óga go bhfuil i bhfad níos mó ná ábhar scoile i gceist leis an nGaeilge – gur teanga bheo í, go mbaineann ár dteanga le hoidhreacht, le féiniúlacht, le cultúr agus le mórtas cine is dócha.

‘Tá cuimhní geala againn go léir ar ár dtréimhse sa Ghaeltacht nuair a bhíomar óg. Baineann an t-eispéireas le forbairt teanga ach baineann sé chomh maith céanna le forbairt an duine, le neamhpleáchas agus le spraoi gan dabht!’

Táthar ag súil go mbeidh an-tóir ar an scéim seo i mbliana mar a bhí anuraidh.

‘Bhí an-tóir ar na deontais a chuireamar ar fáil sa chúige anuraidh’, a mhíníonn Aedín. ‘Bhí os cionn 160 déagóir againn anuraidh a fuair páirtscoláireachtaí nó deontais sa chúige. Tá an scéim sin fós ag dul ar aghaidh i ngach contae anuas ar an scéim nua seo. Mar sin, tá seans ag na daoine óga cur isteach ar an dá scéim i mbliana.’

Is mór an tionchar a bhíonn ag na tréimhsí seo sa Ghaeltacht orthu siúd a fhaigheann na scoláireachtaí. Is minic a thugann a leithéid muinín agus misneach do dhaoine óga maidir leis an nGaeilge.

‘Tugann tréimhse sa Ghaeltacht deis do dhaoine óga a bheith tumtha go hiomlán sa teanga’, a deir Aedín. ‘Cleachtadh a dhéanann máistreacht ar ndóigh ach, ina theannta sin, cuireann sé le muinín an duine óig maidir le Gaeilge labhartha. Spreagann tréimhse sa Ghaeltacht an fheasacht teanga i measc na ndéagóirí a théann go dtí an Ghaeltacht ó cheann ceann na tíre gach bliain. Is tuar dóchais agus crann taca é sin don teanga sa todhchaí.’

Léiriú soiléir é méid an chomórtais seo ar a thréine atá an Ghaeilge i CLG na Mumhan. Tá go leor rudaí éagsúla ar bun ann ar mhaithe léi, cur chun cinn Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, Scór agus Chúinne na Gaeilge i measc go leor rudaí eile.

‘Tá an-tacaíocht faighte agam ón mbainistiocht i CLG na Mumhan ó thosaigh mé sa ról seo’, a mhíníonn Aedín. ‘Cuireann ár gCathaoirleach, Gearóid Ó Riain, an-bhéim ar an nGaeilge agus cuireann sé an teanga chun cinn ag na hócáidí éagsúla a bhíonn ar siúl ar fud an chúige.

‘Le bliain anuas, táimid ag obair ar thogra chun an Ghaeilge a fhorbairt ar bhonn níos leithne sa chúige, le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge. Bíonn Cúinne na Gaeilge againn roimh chluichí agus ag ócáidí eile chun deiseanna cainte a éascú. Feictear an Ghaeilge i lár an aonaigh ag Comórtais Scór, freisin, agus sinn i mbun athbheochana air sin tar éis Covid.

‘Chomh maith leis sin, le tacaíocht ó Ghlór na nGael, tá líon na gclubanna atá tar éis cur isteach ar Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha ag méadú in aghaidh an lae agus is iontach an rud é sin!

Tá Seachtain na Gaeilge, nó cóicís na Gaeilge d’fhéadfa a rá, faoi lánseol ag an bpointe seo leis an iliomad imeachtaí agus tograí á n-eagrú ag clubanna agus ag aonaid de chuid an Chumainn ar fud na tíre. Labhair Aedín faoi na rudaí éagsúla atá ar siúl i gcúige Mumhan.

‘Tá sé tráthúil go bhfuil an scéim seo fógraithe agus Seachtain na Gaeilge buailte linn’, a deir Aedín. ‘Tá rogha agus togha na n-imeachtaí ar siúl ar fud an chúige agus iad fógraithe ar na meáin shóisialta ag CLG na Mumhan. Ina measc, tá blitzchomórtais eagraithe do bhunscoileanna, ag brath ar an aimsir dar ndóigh! Ar an 11ú Márta, tá Lá na Gaeilge eagraithe in Áras Mumhan, le béim ar Úsáid na Gaeilge san Ionad Oibre.

‘Tá Seoladh don Primary Game i gcomhar le Cumann na mBunscol ag tarlú trí mheán na Gaeilge ar an lá sin chomh maith, le páistí ó scoileanna éagsúla sa chúige ag freastal air. Sin blaiseadh den spraoi atá sa phlean!’

Tá Aedín Ní Bhriain ag obair mar Oifigeach Gaeilge de chuid na Mumhan le hos cionn bliana anuas le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge. Tá gach eolas faoi chomórtas scoláireachtaí Gaeltachta na Mumhan le fáil ANSEO.

GAA Units