Official Aras Mumhan Website

04th March 2024

Tacaíonn Cumann Lúthchleas Gael le cur chun cinn na Gaeilge, an damhsa Ghaelaigh, an cheoil, na hamhránaíochta agus an chultúir Ghaelaigh i gcoitinne. Chun an ról sin a chomhlíonadh tá struchtúir éagsúla i bhfeidhm ag Cumann Lúthchleas Gael.

Tá Coiste Náisiúnta na Gaeilge lonnaithe i bPáirc an Chrócaigh chun polasaí a fhorbairt chun an Ghaeilge a chur chun cinn go praiticiúil i gcomhar leis an Oifigeach Gaeilge.

Tá Oifigeach Forbartha Gaeilge lánaimseartha ann a chuireann an Ghaeilge chun cinn sa Chumann go náisiúnta. Tá Oifigeach Gaeilge lánaimseartha i gcúige Uladh agus i gcúige Mumhan, freisin.

Tá coistí i ngach contae agus i ngach cúige.

Tá sé de dhualgas ar gach club sa tír Oifigeach Gaeilge/Cultúir a cheapadh.

Tá dhá leabhrán ann le treoir agus cabhair a thabhairt do na hOifigigh sin – ‘An tOifigeach Gaeilge sa Chlub’ agus ‘Leabhrán Téarmaí Gaeilge’. D’fhoilsigh Coiste Náisiúnta na Gaeilge na leabhráin sin.

Bíonn ailt rialta i nGaeilge le feiceáil ar rannóg Ghaeilge an tsuímh náisiúnta agus ar shuíomh gréasáin na Mumhan freisin. Chomh maith leis sin, tá cuid mhaith de na hacmhainní Gaeilge atá ag CLG le fáil ar ár suíomh faoi Cultúr/ Gaeilge ar ár leathanach baile.

Is féidir breis eolais faoi ról na Gaeilge i gCumann Lúthchleas Gael a fháil ó Pháirc an Chrócaigh ach teagmháil a dhéanamh le Jamie Ó Tuama  tríd an ríomhphost ag jamie.otuama@gaa.ie nó i gCúige Mumhan le hAedín Ní Bhriain ag aedin.ni.bhriain.munster@gaa.ie.

Bainimis sult as Seachtain na Gaeilge!

GAA Units