Official Aras Mumhan Website

26th February 2024

Seoladh ‘Leabhrán an Réiteora Óig’ ag ócáid i bPáirc an Chrócaigh le gairid ar an lá céanna a fógraíodh Seán O’Shea mar Ambasadóir Gaeilge CLG do 2024.

Achmhainn luachmhar é seo do lucht bunscoile agus dóibh siúd atá i mblianta tosaigh na meánscoile atá ag smaoineamh tabhairt faoin réiteoireacht. Tá gach uile chineál nath cainte le fáil sa leabhrán ó ‘lámh ar dhroim’, go ‘dhá phreab’ go ‘camán a chaitheamh’.

Ar an mbarr sin tá agallamh ann le réiteoir óg, cuardach focal, liosta de na téarmaí uilig a bhaineann le feisteas an réiteora agus go leor eile. Tá an leabhrán seo úsáideach, ach go háirithe, do réiteoirí óga Gaeltachta agus Gaelscoile.

Dúirt Gráinne McElwain, Cathaoirleach Choiste Náisiúnta Gaeilge CLG;

‘Tá ríméad orainn, Coiste Náisiúnta Gaeilge CLG, go bhfuil an acmhainn seo ar fáil anois. Is cúis mhór athais dúinn go bhfuil muid in ann tacaíocht a chur ar fáil don chéad ghlúin eile réiteoirí Gaeltachta agus Gaelscoile ach go háirithe.’

Is féidir Leabhrán an Réiteora Óig a íoslódáil anseo thíos. Ba iad Coiste Náisiúnta Gaeilge a chuir le chéile.


The ‘Handbook for young Referees’ was launched at an event in Croke Park recently on the same day that Seán O’Shea was announced as the GAA’s Irish language Ambassador for 2024.

This is a valuable resource for primary schools and those in the early years of secondary school who are thinking about refereeing. All sorts of expressions can be found in the booklet from ‘hand on back’, to ‘two bounces’ to ‘throwing the hurley’.

In addition, there is an interview with a young referee, a word search, a list of all the terms to describe the referee’s gear and much more. This booklet is particularly useful for young Gaeltacht and Gaelscoileanna referees.

Gráinne McElwain, Chairperson of the GAA National Irish Language Committee said;

‘We, the GAA’s Coiste Náisiúnta Gaeilge, are delighted that this resource is now available. We are very excited that we are in a position to provide support to the next generation of Gaeltacht and Gaelscoileanna referees in particular.’

Leabhrán an Réiteora Óig can be downloaded here. It was produced by Coiste Náisiúnta na Gaeilge.

GAA Units