Official Aras Mumhan Website

11th November 2023

The GAA MacNamee Awards are held annually to honour excellence in communications, public relations and journalism, specifically related to the activities of the Association.  

These Awards are named after the late Pádraig MacNamee, former President of the GAA, Chairman of the GAA Commission (1969-1971) and member of RTÉ authority.

Applications for the 2023 MacNamee Awards are now being accepted. It should be noted that only work published or completed in the 2023 calendar year is eligible for consideration and entries will not be returned.  The awards scheme will be judged under the following headings:

  • Best Digital Impact Award

Award for a club, county or province’s use of existing digital channels, own creative content or cutting-edge innovations (streaming, video, podcasts, newsletter, archives, other) to present a story or activity online.
Entries should

– Illustrate the Who, What, Where When and Why of entry

– Illustrate innovation or use of new technologies, where relevant

– Examples of content created for the campaign

– Examples of engagement with online community

– Illustration of results achieved and future development/use.

  • Best GAA Publication

To cover general works focussing on the Association.

  • Best GAA Club Publication

To cover GAA County Yearbooks and Club History.

  • Best Photograph

Focussing on the best GAA-themed image.

  • Best Programme

To cater for all match day programmes produced for any level of the GAA.

  • Best GAA related Radio Programme

To cater for all GAA programming broadcast either nationally or locally.

  • Provincial Media Award

To acknowledge high quality written journalism in a provincial publication.

  • National Media Award
    To acknowledge high quality written journalism in national daily or Sunday publication.
  • Best TV Documentary

To acknowledge the high quality of TV documentaries currently produced on the GAA

  • Irish Language Award / Gradam na Gaeilge
    To recognise excellence in the field of Irish language GAA journalism across all media/Aitheantas ar ardchaighdeán iriseoireachta Gaeilge bainteach le cúrsaí CLG, ina chuimsítear gach cineál meán cumarsáide.

* Please note: There is a limit of three photographs per entrant for the photographic award and one entry for all other categories.

A Hall of Fame Award / Outstanding Service Award will also be made in recognition of a prolonged personal involvement in the coverage of GAA activities to the highest standards.

All entries should be marked “GAA MacNamee Awards 2023” and addressed for the attention of Alan Milton, Director of Communications, Croke Park, Dublin 3 or emailed to awards@gaa.ie .  Entrants should also clearly state what category they are submitting their entry under.

Award winners will be contacted in due course with further details in relation to the awards presentations.

Closing date for entries is Friday, 15th December 2023


Tá Cumann Lúthchleas Gael ag glacadh le hiarratais do Ghradaim Mhic Con Mídhe 2023

Iarratais ar Ghradaim Mhic Con Mídhe 2023

Bronntar Gradaim CLG Mhic Con Mídhe gach bliain le haitheantas a thabhairt d’obair a bhaineann le gníomhaíochtaí CLG i réimsí na cumarsáide, caidrimh phoiblí agus na hiriseoireachta atá ar ardchaighdeán. Is i ndiaidh iar-Uachtarán CLG, iar-Chathaoirleach ar Choimisiún CLG (1969-1971) agus iarbhall de chuid Údarás RTÉ, Pádraig Mac Con Mídhe, nach maireann, atá na gradaim seo ainmnithe.

Tá iarratais á nglacadh anois do Ghradaim CLG Mhic Con Mídhe 2023. Ní chuirfear san áireamh ach iarratais a bhaineann le hábhair a cuireadh i gcrích nó a cuireadh i gcló le linn 2023. Ní thabharfar iarratais ar ais d’iarrthóirí. Déanfar moltóireacht ar an scéim gradam seo faoi na ceannteidil seo a leanas:

  • An Gradam Digiteach

Gradam é a seo a thabharfaidh aitheantas ar an úsáid a bhain club nó contae as na bealaí reatha digiteacha, as ábhar cruthaitheach dá gcuid féin nó as tograí ceannródaíocha (físeáin, sruthuithe, podchraoltaí, nuachtlitreacha, cartlanna srl.) le scéal nó gníomhaíocht a chur i láthair ar líne.

Ba chóir dóibh siúd a chuireann isteach ar an gcatagóir seo na nithe seo a leanas a chomhlíonadh:

  • Léirigh cad go díreach atá san fheachtas trí na ‘C’nna a fhreagairt – ‘cé, céard, cén áit, cén uair agus cén fáth’.
  • Léirigh an chaoi ar úsáideadh teicneolaíochtaí nua ar bhonn ceannródaíoch, nuair is cuí
  • Tabhair samplaí de na hábhair a cruthaíodh
  • Tabhair samplaí de na bealaí ar éirigh leat gabháil i ngleic leis an mórphobal ar líne
  • Léirigh na torthaí a baineadh amach agus na bealaí go bhféadfaí an togra a fhorbairt nó a úsáid amach anseo
  • An Foilseachán is Fearr

Ina n-áirítear ábhair ghinearálta atá dírithe ar an gCumann.

  • An Foilseachán Club is Fearr

Ina n-áirítear bliainirisí contae agus foilseacháin faoi stair clubanna.

  • An Grianghraf is Fearr

Dírithe ar an íomhá is fearr a bhí bainteach le gníomhaíochtaí CLG.

  • An Clár is Fearr

Ina n-áirítear gach uile chineál cláracha cluiche de chuid CLG a cuireadh i gcló ag leibhéal ar bith de chuid CLG.

  • An Clár Raidió is Fearr Dírithe ar Chúrsaí CLG

Ina n-áirítear chuile chineál cláracha raidió CLG a craoladh go náisiúnta nó go háitiúil.

Gradam Meán Cúige

Le haitheantas a thabhairt d’iriseoireacht scríofa ar ardchaighdeán a cuireadh i gcló i bhfoilseachán cúige.

  • Gradam Meán Náisiúnta

Le haitheantas a thabhairt d’iriseoireacht scríofa ar ardchaighdeán i bhfoilseachán náisiúnta laethúil nó Domhnaigh.

  • An Clár Faisnéise Teilifíse is Fearr

Le haitheantas a thabhairt don ardchaighdeán cláracha faisnéise atá á ndéanamh ar chúrsaí CLG i láthair na huaire.

  • Gradam na Gaeilge
    Le haitheantas a thabhairt d’iriseoireacht ar ardchaighdeán, a bhaineann le CLG, in aon ghné ar leith de mheáin na Gaeilge.

Nóta

Tá teorainn de thrí ghrianghraf le gach iarratas sa rannóg don ‘Ghrianghraf is Fearr’ agus níl cead ach an t-aon iarratas amháin a dhéanamh sna rannóga eile.

Bronnfar gradam ‘Dámhachtain na Laoch’, nó gradam do dhuine a thug an-seirbhís go deo thar na blianta i ngníomhaíochtaí de chuid Chumann Lúthchleas Gael a chur chun cinn ar ardchaighdeán.

Scríobh “Gradaim Mhic Con Mídhe CLG 2023” ar chlúdach d’iarratais agus cuir chuig Alan Milton, An Stiúrthóir Cumarsáide, Páirc an Chrócaigh, Áth Cliath 3 é, nó cuir le ríomhphost é chuig awards@gaa.ie. Ní mór do gach iarrthóir a rá go sonrach, freisin, cé acu rannóg/gradam a bhfuil siad ag cur isteach air/uirthi.

Déanfar teagmháil leis na buaiteoirí in am trátha maidir le hócáid bhronnta na ngradam.

Dáta deiridh iontrála: Dé hAoine, 15 Nollaig, 2023.

GAA Units