Official Aras Mumhan Website

22nd November 2023

Chairperson of Munster GAA, Gearóid Ó Riain, launched a new Irish language resource package in the INEC in Killarney last Saturday, 18 November 2023. The resources are intended as a source of support for all GAA members to promote the Irish language on a daily basis.

Sheol Cathaoirleach CLG na Mumhan, Gearóid Ó Riain, pacáiste d’acmhainní nua Gaeilge san INEC i gCill Airne Dé Sathairn seo caite, 18 Samhain 2023. Is éard atá i gceist leis na hacmhainní ná foinse tacaíochta do ghnáthbhaill CLG chun an Ghaeilge a chur chun cinn go laethúil.


The resources are intended as a source of support for all GAA members to promote the Irish language on a daily basis, as well as suggestions for small practical steps that could be taken to ensure a more visible and central place for the Irish language in the club.

The new resources available bilingually include the following:

  • The captain’s speech
  • A few words for officials at presentations
  • Team sheet/ Field positions in Irish
  • 10 Steps to promote Irish in the club

The ten steps include the following suggestions:

  • Appoint an Irish Language/ Culture Officer in the club
  • Register with the Joe McDonagh Foundation
  • Hang Irish signage in the club
  • Use Irish on the club’s social media
  • Organise a conversation circle
  • Organise a Pop-Up Gaeltacht
  • Display the words of Amhrán na bhFiann
  • Inform club members of Gaeltacht scholarships available
  • Appoint an Irish language Ambassador to the club
  • Organise Irish Language Day in the club

These resources were launched in conjunction with the Munster GAA Cultural Committee and as part of the National Scór Finals, a GAA competition that combines the enthusiasm and competitive spirit associated with Gaelic Games with the social and fun dimension of Ireland’s traditional culture.

Ger Ryan, Chairperson of Munster GAA said, “We are delighted to launch these resources today, which we hope will greatly enhance the promotion of the Irish language in the GAA throughout Munster. With 475 clubs in Munster, we have a valuable opportunity to strengthen the Irish language in the heart of our community, in parishes and towns throughout the province.

Aedín Ní Bhriain, Munster Irish Language Development Officer, said ‘’ These resources will help us all to strengthen the use of Irish in the Province, and work has already started to provide further resources and support for coaches and Cúl Camps in the future.’

This is a Munster GAA awareness campaign in conjunction with Foras na Gaeilge. All resources can be downloaded at www.munster.gaa.ie – Cultúr/Gaeilge > Acmhainní

An Ghaeilge abú!


Sheol Cathaoirleach CLG na Mumhan, Gearóid Ó Riain, pacáiste d’acmhainní nua Gaeilge san INEC i gCill Airne Dé Sathairn seo caite, 18 Samhain 2023.

Is éard atá i gceist leis na hacmhainní ná foinse tacaíochta do ghnáthbhaill CLG chun an Ghaeilge a chur chun cinn go laethúil maraon le moltaí maidir le céimeanna beaga praiticiúla a d’fhéadfaí a thógáil chun áit níos feiceálaí agus níos lárnaí a chinntiú don Ghaeilge sa chlub.

Airítear na bileoga seo a leanas i measc na n-acmhainní nua atá ar fáil go dátheangach:

  • Óráid an Chaptaein
  • Cúpla focal do h-oifigigh ag bronnadh na nduaiseanna/nóta id’phóca
  • Bileog Foirne as Gaeilge
  • 10 gCéim chun Tosaigh don Ghaeilge sa chlub

I measc na deich gcéimeanna sin, tá na moltaí seo a leanas:

  • Oifigeach Gaeilge agus Cultúir a cheapadh sa chlub
  • Clárú le Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha
  • Comharthaíocht Ghaeilge a chrochadh sa chlub
  • An Ghaeilge ar mheáin shóisialta an chlub
  • Ciorcal comhrá a eagrú
  • Pop-Up Gaeltacht a eagrú
  • Focail Amhrán na bhFiann a chrochadh sa chlub
  • Eolas faoi scoláireachtaí Gaeltachta a scaipeadh ar bhaill an chlub
  • Ambasadóir Gaeilge a cheapadh don chlub
  • Lá na Gaeilge a eagrú sa chlub

Seoladh na hacmhainní seo i gcomhar le Coiste Cultúrtha CLG na Mumhan agus mar pháirt de cheiliúradh Náisiúnta Scór, comórtas CLG a chomhcheanglaíonn spleodar agus iomaíocht na gCluichí Gaelacha leis an ngné shóisialta, spraoiúil a bhaineann le cultúr traididiúnta na hÉireann.

Dúirt Ger Ryan, Cathaoirleach CLG na Mumhan, “Tá lúcháir orainn a bheith ag  seoladh na n-acmhainní seo inniu, a chuirfidh go mór, tá súil againn, le cur chun cinn na Gaeilge in aonaid CLG ar fud na Mumhan. Ó tharla go bhfuil 475 chlub i gCúige Mumhan tá deis luachmhar againn an Ghaeilge a neartú i gcroílár an phobail, i bparóistí agus i mbailte na Mumhan.

Arsa Aedín ní Bhriain, Oifigeach Forbartha Gaeilge na Mumhan, ‘’ Cabhróidh na hacmhainní seo linn go léir úsáid na Gaeilge a threisiú sa Chúige agus táimid i mbun oibre cheana féin chun tuilleadh tacaíochta a chur ar fáil do chóitseálaithe agus do Cúl Camp amach anseo.’’

Feachtas feasachta é seo de chuid CLG na Mumhan i gcomhair le Foras na Gaeilge. Is féidir na hacmhainní go léir a íoslódáil ag www.munster.gaa.ie – Cúltúr/ Gaeilge > Acmhainní

GAA Units