Official Aras Mumhan Website

19th January 2025

Fillfidh an tsraith mhór CLG ar TG4 don tríú séasúr is fiche. Ocht gclár úrnua a bheidh sa tsraith CLG is údarásaí ar an scáileán seo.

Ochtar Laochra Gael nua a bhfuil gaisce déanta ar an bpáirc agus a bhfuil scéalta féin agus saol ar leith caite acu ar fad is ábhar don tsraith. Is fíor-laochra iad seo go léir agus tá a gcáil rompu. Sa tsraith seo, tabharfar léargas iomlán pearsanta orthu agus ar an gceangal atá acu lena spórt agus leis an saol mórthimpeall orthu. A ngairm sa spórt a bheidh ina cúlra ag an scéal, ach pléifear i bhfad níos mó ná sin sa tsraith, ina measc saol na Laochra taobh amuigh den pháirc a bheidh ina ábhar spéise tarraingteach ag an lucht féachana chomh maith.


Pádraic Maher

Cuirfear tús leis an tSraith le scéal Phádraic Maher, duine de na hiománaithe is fearr i dTiobraid Árann agus duine de na cúlaithe láir is ceannasaí sa chluiche. Cuimhnítear air mar fhórsa sa ghlúin CLG a d’ardaigh caighdeán an spóirt. Ba léir ón gcaoi ar iompar sé é féin, óna cheannaireacht agus a neart ar an bpáirc go raibh éachtaí nach beag i ndán dó i gcónaí. Bhí a chroí agus a anam san iomáint agus cuireadh gnéithe eile dá shaoil ar an méar fhada dá barr. Ach chuir gortú dá mhuineál deireadh drámatúil leis sin. B’éigean do Phádraic éirí as an gcluiche a raibh grá aige dó agus bhí sé deacair aige déileáil leis sin.

Pádraic Maher, 9.30pm, Déardaoin an 23 Eanáir ar TG4 – LAOCHRA GAEL


GAA Units