An Ghaeilge agus an CLG

Satharn 10 Feabhra 2018 (10/2/18) Páirc an Chrócaigh

(Davin Suite, Leibhéal 4)

Is cúis áthais don Chumann Lúthchleas Gael, agus le Glór na nGael, a fhógairt go bhfuil seimineár lae á eagrú ar an Satharn, 10 Feabhra 2018, le plé a dhéanamh ar “An Ghaeilge agus an CLG”.

Tá sé ráite ag Uachtarán an CLG, Aogán Ó Fearghail, “go leagfaidh an seimineár seo béim ar an tábhacht leanúnach a leagann clubanna an CLG ar an nGaeilge agus ag an am chéanna déanfaidh sé ceiliúradh ar Bhliain na Gaeilge 2018”.

Beidh an seimineár ar siúl ó 11:00 go 17:00. Beidh briseadh lóin ann ó 13:00 go 13:45

Le linn Seisiún 1, faoi chathaoirleacht Ghráinne McElwain, agus le cúnamh ó Ghearóid Ó Tuathaigh (NUIG) agus ó Paul Rouse (UCD), déanfar plé ar áit stairiúl na Gaeilge sa CLG.

Tar éis lóin, le linn Seisiún 2, beidh Seán Bán Breathnach mar chathaoirleach
Pádhraic Ó Ciardha (TG4) – “Iriseoireacht na Gaeilge agus an CLG”
Micheál Ó Sé (RnaG) – “Gaeilgeoirí Chiarraí agus an Pheil”

Déanfar freisin iniúchadh ar staid na Gaeilge i gCLG an lae inniu & idirphlé le h-aíonna éagsúla faoi sin agus faoi abhair eile – Dara Ó Cinnéide, Joe Connolly, Ríona Ní Bhuachalla (imreoirí a rinne óráidí i nGaeilge i
bPáirc an Chrócaigh ar lá chluiche ceannais);
Daithí de Buitléir (Na Gaeil Óga, CLG), Aoife Ní Chasaide (Sleacht Néill, CLG).

Mar chríoch, cuirfidh Mártan Ó Ciardha agallamh ar Mhícheál Ó Muircheartaigh lena thuairimí maidir leis an nGaeilge agus an CLG, “INNÉ, INNIU AGUS AMÁRACH” a phlé.

Beidh ticéid ar fáil do lucht fhreastail an tseimineáir don dá chluiche atá ar siúl i bPáirc an Chrócaigh ar an lá.
5.00pm Sraith Peile Lidl BÁC V Corcaigh agus 7.00pm Sraith Peile Allianz BÁC V Dún na nGall.

Ní ghearrfar aon táille isteach ach tá spásanna teoranta agus moltar do daoine gur spéis leo freastal áit a chur in áirithint trí rphost a sheoladh chuig siobhan.nichuana@gaa.ie.

Tuilleadh eolais faoin ócáid seo ar fáil ó;
Mártan Ó Ciardha (Cathaoirleach Coiste na Gaeilge CLG) – 087 2423 600
Siobhán Ní Chuana (Rúnaí Coiste na Gaeilge CLG) – 01 865 8680
Lorcán Mac Gabhann (Ceannasaí Ghlór na nGael) – 087-9790193

Tickets now on sale for the Munster Senior Hurling and Football Championship Games